Cathal mac Aodha

rí in Éirinn sa 7ú haois
(Athsheolta ó Cathal mac Áedo)
Féach freisin Cathal mac Aodha, rí Bhreá

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Cathal mac Aodha (Sean-Ghaeilge Cathal mac Áedo) (bás 627[1]). Aodh Flann Cathrach (Áed Fland Cathrach) ba ea a athair, agus Cairbre Crom mac Criomhthainn (bás 577), iar-rí, a sheanathair.[2] Tháinig sé i gcoróin tar éis bhás Finghin mac Aodha Dhuibh sa bhliain 618.

Infotaula de personaCathal mac Aodha
Beathaisnéis
Bás627
Rí na Mumhan
618 – 627
← Finghin mac Aodha Dhuibh, Aodh Beannáin Mac CriomhthainnFailbhe Flann mac Aodha Dhuibh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Ghleanndamhnach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMór Mhumhan Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCathal Cú-cen-máthair Cuir in eagar ar Wikidata

De réir an sean-dán, Mór Muman 7 Aided Cuanach meic Ailchine, phós Cathal Mór Mumhan (bás 636), bainteach a réamhtheachtaí. Iníon Áed Bennán mac Crimthainn (bás 618) Eoghanacht Locha Léin ba ea í, agus dá bharr, assuring a cheart right to rule at Caiseal. Tar éis dó a dheirfiúr Ruithchern a tharrtháil ó mhuintir Uí Liatháin, chaoin na deirfiúracha an rí marbh, Fíngen, agus rathúnas a ré, ach thug Cathal achasán dóibh.[3]

Rinne Mór cleamhnas idir Ruithcern agus Lonán mac Finnigh, dlúthghuaillí Chathail, den Éile, is amhlaidh. Lá amháin, áfach, deir an rí le Lonán éirí agus ómós a thabhairt dó rí na nDéise. Glac Lonán masla leis an iarraidh seo agus d'fhág sé Caiseal in éineacht lena bhean chéile, agus ar aige hhh lena muintir, mic Aodha Bheannáin. En route, rinne Cuanu mac Ailchine d'Fhir Maige Féne ruathair orthu. Gortaíodh Lonán, agus d'fhuadaigh Cúán Ruithchern.[4] Tharla cogadh dá bharr idir mic Aodha Bheannáin agus mic Chathail, ach gan aigneas díreach.[5]

Feictear torthaí an sága seo sa chéad ghlúin eile. Sa bhliain 644, tharla Cath ag 'Ceann Con' sa Mhumhain idir Maol Dúin mac Aodha Beannáin (bás 661) agus Aonghas Liath deartháir Chathail (bás 644). Bhí ár mór ar gach taobh, agus cuireadh an ruaig ar Máel Dúin.[6][7][8] Tuairiscítear bás Cuanu mhic Cailchín sa bhliain 644.

Bhí seachtar mac ag Cathal, ina measc Cathal Cú-cen-máthair mac Cathaíl (bás 665), rí Chaisil.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine le McCarthy, eagrán athbhreithnithe
  • Wiley, Dan M., Mor Muman, Cycles of the Kings
  • Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Eoghanacht Genealogies

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 13
  3. Byrne, ll. 204-207
  4. Wiley, Dan M., Mór Muman Curtha i gcartlann 2008-11-20 ar an Wayback Machine, Cycles of the Kings
  5. Byrne, lch. 207
  6. Annála Uladh, AU 640.1, 643.3
  7. Annála Tiarnaigh, AT 642.1,644.4
  8. Annála Inis Faithlinn, AI 645.1
  9. Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, Eoghanacht Genealogies