Is cearnóg ghairdín Sheoirseach i mBaile Átha Cliath í Cearnóg Mhuinseo (Béarla: Mountjoy Square). Tá sí suite ciliméadar nach mór taobh ó thuaidh den Life. Tá Cearnóg Mhuinseo ar cheann de na cúig chearnóg Sheoirseacha den chathair a tógadh go déanach san 18ú haois. Luke Gardiner, 1ú Vioscúnta Mhuinseo a phleanáil agus a d'fhorbair í. Cuireadh tús lena tógáil sna luath 1790idí agus críochnaíodh í sa bhliain 1818. [1]
Bhíodh tithe Seoirseacha déanta de bhrící dearga ar gach taobh di. Scriosadh cuid díobh ach cuireadh cuma Sheoirseach ar na tithe nua a tógadh ina n-áit.