Charles Vallancey

ginearál agus innealtóir Briotanach; ‘scoláire Gaeilge’

Suirbhéir míleata Briotanach a d'oibrigh in Éirinn ab ea an Ginearál Charles Vallancey (6 Aibreán 1731 – 8 Lúnasa 1812). Chuir sé an-spéis sa Ghaeilge agus i seaniarsmaí na hÉireann, agus scríobh sé go leor leabhar agus páipéar ar na hábhair seo. Chomh fada siar leis an 19ú haois, aithníodh go forleathan nach raibh mórán fiúntais in obair acadúil Vallancey, go háirithe a chuid teoiricí áiféiseacha maidir le stair agus sanasaíocht na Gaeilge. Mar sin féin, tugtar creidiúint dó as treabhadh chun cinn sa réimse seo nuair nach raibh mórán spéise ann, agus aird scoláirí níos cúramaí a tharraingt air sna blianta i ndiaidh a bháis.[1]

Charles Vallancey
Saol
Eolas breitheFlóndras agus Westminster, 6 Aibreán 1721
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Ríocht na Breataine Móire
Bás8 Lúnasa 1812
Oideachas
Alma materColáiste Eton
Acadamh Ríoga Míleata, Woolwich
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmársaitheoir agus oifigeach míleata
BallraíochtCumann Ríoga
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céimleifteanant-ghinearál

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Charles Vallancé i Westminster (nó b'fhéidir i bhFlóndras) é sa bhliain 1731 de thuismitheoirí Francis Vallancé (Francach i seirbhís na Breataine) agus Mary Preston (iníon Thomas Preston). Phós Francis agus Mary i séipéal Ospidéal Greenwich ar 21 Meitheamh 1724.

D’fhreastail Vallancey ar Eton agus ar an Acadamh Míleata Ríoga, Woolwich, sular coimisiúnaíodh é sa 10ú reisimint de shaighdiúirí coise sa bhliain 1747.[2] Bhí sé ina bhall de na hInnealtóirí Ríoga. Rinneadh leifteanantghinearál de sa bhliain 1798, agus ginearál de cúig bliana ina dhiaidh sin.[3][4]

In ÉirinnCuir in Eagar

Tháinig Vallancey go hÉirinn roimh 1770 chun cabhrú le suirbhé míleata ar an oileán, agus shocraigh sé cur faoi in Éirinn go buan. Dhírigh sé a aird go láidir ar stair, ar fhocleolaíocht, agus ar sheaniarsmaí na hÉireann tráth nár léirigh mórán scoláirí spéis iontu. Creidtear gur i gCorcaigh a chuir sé spéis sa Ghaeilge den chéad uair agus go bhfuair sé an beagán Gaeilge a bhí aige ón scríobhaí agus file Muiris Ó Gormáin.[4]

D’fhoilsigh sé na leabhair seo a leanas, i measc saothar eile: Collectanea de Rebus Hibernicis, 6 imleabhar, idir 1770 agus 1804; Essay on the Irish Language, 1772; Grammar of the Irish Language, 1773; Vindication of the Ancient Kingdom of Ireland, 1786; Ancient History of Ireland proved from the Sanscrit Books, 1797; Prospectus of a Dictionary of the Aire Coti or Antient Irish, 1802. Bhí sé ina bhall de go leor cumann léinn; toghadh ina bhall den American Philosophical Society i 1780,[5] agus rinneadh comhalta den Chumann Ríoga de sa bhliain 1784. Le linn Éirí Amach 1798, thug sé pleananna don Rialtas chun Baile Átha Cliath a chosaint. Tógadh Droichead na Banríona, Baile Átha Cliath, óna dhearadh. D’éag sé 8 Lúnasa 1812, in aois a 91.[3]

Ag tráth amháin, bhí Leabhar Mór Leacáin ina sheilbh, agus thug sé ar aghaidh go dtí Acadamh Ríoga na hÉireann é.

AthbhreithniúCuir in Eagar

Idir lár agus deireadh na naoú haoise déag, bhí portráidí de Vallancey in Acadamh Ríoga na hÉireann agus i seomra boird Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Sa tréimhse chéanna, léirigh taighde nua-aimseartha nach raibh aon fhiúntas ina chuid teoiricí agus tuairimí — is éard a bhí iontu ná conclúidí neamhchruinne bunaithe ar thuiscint neamhfhoirfe. Dúirt an Quarterly Review: “Cé gur fear léinn é, scríobh an Ginearál Vallancey níos mó seafóide ná aon fhear eile lena linn.”

Scríobh Mícheál Ó Bréartúin beathaisnéis Ghaeilge a foilsíodh in 2009: Charles Vallancey 1725–1812; Ginearál, Innealtóir agus ‘Scoláire Gaeilge’.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Quin, E.G. (1985). "The Royal Irish Academy, a bicentennial history 1785-1985". “Vallancey who, like Macpherson with his Ossianic forgeries, did more for Irish studies by drawing attention to them than by any intrinsic value in his own somewhat irresponsible publications” 
  2. Norman Vance, 'Vallancey, Charles (c.1726–1812)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, September 2004.
  3. 3.0 3.1 Webb, Alfred (1878). "A Compendium of Irish Biography": 541. Dublin: M. H. Gill & son. Dáta rochtana: 7 April 2010. 
  4. 4.0 4.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “VALLANCEY, Charles (1725–1812) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2022-08-29.
  5. APS Member History”. search.amphilsoc.org. Dáta rochtana: 2020-12-06.