Charlotte Dease

scríbhneoir Éireannach

Ba scríbhneoir agus bailitheoir seanphaidreacha Gaeilge í Charlotte Dease (20 Iúil 1873 – 5 Bealtaine 1953). Scríobh sí agus d’aistrigh sí roinnt leabhar ar bheathaí na naomh freisin.

Infotaula de personaCharlotte Dease
Beathaisnéis
Breith20 Iúil 1873
Baile Briotáis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Bealtaine 1953
79 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
AthairEdmund Dease  agus Mary Grattan

Rugadh Charlotte Dease ar 20 Iúil 1873 i mBaile Briotáis, Contae Laoise, an tríú páiste de chúigear clainne d’Edmund Gerald Dease agus Mary Grattan, gariníon le Henry Grattan. Bhí a hathair ina ardsirriam sa chontae, ina Fheisire Parlaiminte, agus ina choimisinéir náisiúnta oideachais. Thacaigh sé le Conradh na Talún.

Bhí Charlotte ina ball d’Fheis Laoise agus Osraí agus ina teachtaire d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1907. Bhí suim ar leith aici sna paidreacha traidisiúnta. D’fhoilsigh sí bailiúcháin éagsúla paidreacha ó 1911 ar aghaidh. Scríobh Henry Bellingham agus Dubhghlas de hÍde réamhráite ar na saothair. D’aistrigh sí leabhair ón Iodáilis freisin do mhargadh an Bhéarla. Le linn chomóradh Fhuascailt na gCaitliceach, rinne Dease ionadaíocht ar Leabharlann an Chreidimh. Scríobh Dease altanna in irisí ar nós an Irish Messenger agus The Sacred Heart Review freisin.[1][2][3][4][5][6][7][8][9][10]

Fuair sí bás ar 5 Bealtaine 1953 ag 31 Sráid Pheambróg, Baile Átha Cliath.[3]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Bhreathnach-Lynch (2019). "Expressions of Nationhood in Bronze & Stone: Albert G. Power, RHA". Irish Academic Press. ISBN 978-1-78855-068-0. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  2. Person Page”. Main Page (2008-04-03). Dáta rochtana: 2019-10-22.
  3. 3.0 3.1 DEASE, Charlotte (1873–1953)” (ga). ainm.ie (2017-11-08). Dáta rochtana: 2019-10-22.
  4. Dease (1911). "Children of the Gael". Washbourne. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  5. Healey (2011). "Italian Literature Before 1900 in English Translation: An Annotated Bibliography, 1929-2008" (in it). University of Toronto Press. ISBN 978-1-4426-4269-0. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  6. Muessig (2011). "A Companion to Catherine of Siena". Brill. ISBN 978-90-04-20555-0. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  7. Buckingham (1915). "The Athenaeum" (v. 1). J. Francis. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  8. Gunnlaugsson (1994). "Poor Women and Children in the European Past". Routledge. ISBN 978-0-415-07716-3. Dáta rochtana: 2019-10-22. 
  9. Dease (1919). "Religious Traditions of Gaelic Ireland". The Irish Monthly 47 (547): 45–50. JSTOR 20505223. 
  10. Dease (1915). "Paidreacha na ndaoine. Prayers of the Gael. Being a translation ... into English by R. Mac Crócaigh of the collection of Miss Charlotte Dease, etc". Sands & Company. Dáta rochtana: 2019-10-22.