Chuck Hagel
Is iarsheanadóir Meiriceánach é Charles Timothy "Chuck" Hagel (rugadh ar an 4 Deireadh Fómhair, 1946 é). Ba é Hagel an Seanadóir sinsearach ó Nebraska. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Toghadh ar dtús é i 1996 agus arís i 2002. Déantar cuir síos air mar éan corr polaitiúil, cosúil leis an Seanadóir Poblachtach agus seansaighdiúir John McCain.
Rugadh i North Platte, Nebraska, é, bhain sé céimeanna amach ón Brown Institute for Radio and Television i 1966 agus ó Ollscoil Nebraska ag Omaha i 1971. D’fhreastail sé ar coisithe Airm SA ó 1967-68, ag fáil céim an tsáirsint (E-5). Throid sé i Chogadh Vítneam agus fuair sé an Vietnamese Cross of Gallantry, an Purple Heart, an Army Commendation Medal, agus an Combat Infantryman Badge.
I mí Lúnasa 2004, d’admhaigh Hagel go raibh sé machnamh ar pháirt a ghlacadh san fheachtas don uachtaránacht i 2008. Labhair sé ag an toscaireacht Iowa ag an gComhdháil Náisiúnta Poblachtach sa bhliain 2004.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |