Cianacóbalaimín

Ainm ceimiceach vitimín B12. Bíonn ról ag an vitimín seo i gcilldeighilt agus déanamh na truaille a bhíonn timpeall ar néarchealla. Faightear ó bhianna ainmhí é den chuid is mó, agus is annamh a tharlaíonn uireasa de ach i gcás fíorveigeán nach n-itheann aon bhia ainmhí. Is féidir go dtarlóidh uireasa thánaisteach má bhíonn uireasa den fhachtóir intreach ann, ábhar sa phutóg a chabhraíonn le hionsú vitimín B12. Daoine a bhfuil leibhéal íseal den fhachtóir intreach acu nó nach bhfuil sé i láthair iontu in aon chor, faigheann siad anaemacht mharfach.