Ciara Ní É

file Éireannach

Is file, láithreoir teilifíse, gníomhaí agus blagálaí Éireannach í Ciara Ní É.

Infotaula de personaCiara Ní É
Beathaisnéis
BreithCluain Tarbh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, láithreoir teilifíse, gníomhaí, blagálaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmiseciara.wordpress.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: MiseCiara Youtube: UCpHQt7ikZvjCOexULmqDarg Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Rugadh í i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath.[1] Bhain sí céim Ghaeilge amach sa bhliain 2013 ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[2] Ina dhiaidh sin, chaith sí bliain i Londain ag obair mar chúntóir eagarthóireachta le Dorling Lindersley.[2] Sa bhliain 2015, bronnadh céim mháistreachta uirthi san ábhar 'Scríobh agus Cumarsáid' ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhunaigh sí oíche fhilíochta darb ainm REIC.[2] Thuill sí scoláireacht Fulbright, agus le linn 2017 agus 2018 d'oibrigh sí mar mhúinteoir Gaeilge in Villanova University, Philadelphia.

Ainm cuir in eagar

Ní Éineacháin an sloinne atá uirthi ó cheart ach baineann sí úsáid as an leagan stílithe stáitse Ní É. Ba é an leagan galldaithe Heneghan a bhíodh in úsáid "oifigiúil" aici roimh 2020. Ansin d'athraigh sí a hainm go Ní hÉineacháin go hoifigiúil.

Gairm cuir in eagar

Bhí sí ar an liosta ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ de chuid an Irish Examiner.[3] Tá sí ina healaíontóir cónaithe leis an Dublin Fringe Festival faoi láthair,[4] bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020[5] agus is ambasadóir í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann.[6] Tá cainéal Youtube aici áit a roinneann sí a cuid dánta, físeáin faoin nGaeilge agus ábhar eile.[7] Bhí sí mar láithreoir ar an gclár ‘Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge’ le Aniar TV, a ainmníodh ar ghearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach[8] agus Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.[9] Ise a bhunaigh an oíche filíochta REIC[10] agus tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus timpeall na tíre.[11] Foilsíodh saothar dá cuid sa díolaim Marrow/Cnámh agus Smior, Washing Windows Too, Queering the Green, agus irisí fearacht Aneas, Icarus agus Comhar. Comhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í,[12] lena comhbhádóir Eoin Mc Evoy. Roghnaíodh togra leo don Abbey 5×5 2020, agus chuir siad dráma chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021.[13] Tá sí ag obair le foilsitheoir ar a céad chnuasach filíochta faoi láthair.

Físdánta cuir in eagar

Úsáideann Ciara físeáin chun a saothar a léiriú agus aon cheann déag déanta aici go dtí seo:

  1. Phenomenal Woman[14]
  2. My Docs[15]
  3. Dán Crá[16]
  4. Six Harcourt Street (An Conradh)[17]
  5. He’s Just Not That Into You[18]
  6. An Chéad Nóta[19]
  7. Ualach[20]
  8. Geallta[21]
  9. Taos Fiacla[22]
  10. Death and Taxes[23]
  11. Club an Chonartha[24]

Sampla dá saothar cuir in eagar

Dán Crá[16] cuir in eagar

Seo dán crá
Seo dán do na mná a shuíonn ina n-aonar go poiblí
Seo an dán a phreabann i mo chroí do gach fear gan
iarraidh
Fir a fheiceann bean is a fheiceann folús, poll le líonadh
cuireadh oscailte, beag beann ar a mianta
Fir nach dtuigeann an difríocht
Idir cairdiúil agus leithleasach
Idir ciapadh agus radaireacht
Idir spraíúil agus bagarthach
Seo dán crá
Níl uaim hello a rá
Níl uaim comhrá
Níl uaim ligint orm go bhfuil mé ag gáire
Níl uaim do bhod - Glac an nod - Uaitse níl uaim aon rud
Níl uaim suí leat
Níl uaim luí leat
Níl uaim aon bhaint in aon slí leat
Níl uaim do bhod - Glac an nod - Uaitse níl uaim aon rud


Níl uaim deoch
Níl uaim bheith buíoch
Níl uaim go gceapfá go bhfuilimid le foc

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cluain Tarbh/Clontarf" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  2. 2.0 2.1 2.2 Aine McMahon. "‘I was brought up speaking English and I never went to a Gaelscoil’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  3. "International Women's Day: 100 women changing Ireland in 2022" (en). Irish Examiner (2022-03-05). Dáta rochtana: 2022-08-30.
  4. "Resident Artists: New faces for 2022! | Fringe Festival". www.fringefest.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  5. "Ciara Ní É ainmnithe mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge DCU" (en-US). Molscéal. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  6. Maitiú Ó Coimín. "Ciara Ní É ceaptha ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  7. "Ciara Ní É - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  8. "Ciara Ní É - Saol trí Ghaeilge" (en-GB). Celtic Media Festival. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  9. "2021" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  10. "Reic le Ciara Ní É" (en-GB). Cúirt International Festival of Literature. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  11. "Ciara Ní É: Gaeilge, Creativity and Self-Expression" (en-GB) (2021-05-17). Dáta rochtana: 2022-08-30.
  12. "Ciara Ní É" (en-IE). AerachAiteachGaelach. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  13. "An Dán ar an Ardán: Ceardlann Filíochta le Ciara Ní É – Irish Language Poetry Workshop at the Fingal Poetry Festival 2022" (en-GB). Fingal Poetry Festival (2022-08-03). Dáta rochtana: 2022-08-30.
  14. LadiesFootballTV (2018-09-12). "'Phenomenal Woman' - 'Seó Beo Pheil na mBan le Lidl'". 
  15. miseciara (2018-02-02). "My Docs – Spoken word video" (en). 's mise Ciara, seo mo bhlag!. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  16. 16.0 16.1 Irish WritersCtr (2018-12-17). "FÍSDÁN: Dán Crá | Ciara Ní É | REIC". 
  17. DublinCityLiterature (2017-03-28). "'Six Harcourt Street (An Conradh)' by Ciara Ní É". 
  18. Ciara Ní É (2017-10-23). "He's Just Not That Into You | Ciara Ní É | Irish poetry". 
  19. Ciara Ní É (2017-02-27). "An Chéad Nóta | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish)". 
  20. Ciara Ní É (2017-04-09). "Ualach | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish with English translation)". 
  21. Ciara Ní É (2015-05-18). "Geallta | Ciara Ní É | Dán i nGaeilge (Poem in Irish)". 
  22. Ó Bhéal (2018-07-10). "Ciara Ní É - Taos Fiacla (Toothpaste) - with English Subtitles". 
  23. Ciara Ní É (2016-12-04). "Death and Taxes | Ciara Ní É | Dán as Gaeilge (Poem in Irish)". 
  24. TG4 (2017-01-19). "Dán 'Club an Chonartha' ar Róisín | TG4".