Is éard is cibearchogaíocht[1][2] ann ná ionsaithe ríomhaireachta a dhéantar ar stát namhad a chuireann isteach ar chórais ríthábhachtacha ríomhaireachta atá acu, nó a dhéanann dochar d'infreastruchtúr fisiciúil.

Is cuid lárnach den chibearchogaíocht í cibearfhaisnéis (Béarla: cyberintelligence). Is éard atá i gceist leis sin ná bailiú eolais, faoi rún de ghnáth is go mídhleathach go minic, trí líonraí ríomhairí is bunachair ríomhairí, agus anailísiú is measúnú an eolais seo ar bhealach inúsáidte. De bhrí go mbraitheann daoine aonaracha is eagraíochtaí an oiread sin ar chórais ríomhaire ina gcúrsaí gnó, déanann iomaitheoirí, gníomhaireachtaí stáit nó coirpigh iarracht teacht ar an eolas sna córais sin. Uaireanta déanann na spiairí seo an t-eolas i mbunachair áirithe a athrú nó a mhilleadh, agus tugtar bradaíl air seo. Ar an taobh eile, déanann úinéirí na ríomhairí is na mbunachar gach iarracht a gcuid eolais a chosaint le bogearraí casta cosanta a dtugtar ballaí dóiteáin orthu.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “cyberwarfare” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “cyberwarfare — Aistriúchán Gaeilge ar cyberwarfare (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-22.
  3. Hussey, Matt (2011). "Cibearfhaisnéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 133.