Cillín Chaoimhín
Sráidbhaile in iarthar Chontae Chill Mhantáin é Cillín Chaoimhín[1], nó Hollywood as Béarla (ní úsáidtear an leagan truaillithe den ainm Gaeilge, Killinkeyvin, sa Bhéarla a thuilleadh). Tá sé suite chois Bhóthar Bhearna Chill Mhantáin, cóngarach d'acomhal an bhóthair sin agus N81, ar bóthar náisiúnta den dara grád é. Ní raibh oiread is 100 duine ina gcónaí sa sráidbhaile féin, nuair a rinneadh daonáireamh na bliana 2002, ach le fírinne, tá an pobal áitiúil níos mó ná an sráidbhaile féin, timpeall leathmhíle duine ar fad.
Cillín Chaoimhín | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Mhantáin | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 186 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411697 |
Fuair an áit a hainm ó Chaoimhín, an naomh Éireannach a bhunaigh an mhainistir i nGleann Dá Loch sa séú haois. Bhíodh na hoilithrigh ag dul trí Chillín Chaoimhín ar a dturas go dtí Gleann Dá Loch, go dtí go ndeachaigh an nós oilithreachta in éag go luath san fhichiú haois. Inniu féin, áfach, cuireann turasóirí Turas Chaoimhin díobh ó Chillín Chaoimhín go Gleann Dá Loch le lán a súl a bhaint as an áilleacht i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.
Tá stair áirithe scannánaíochta ag Cillín Chaoimhín díreach cosúil leis an áit eile úd ar a dtugtar Hollywood as Béarla, nó tháinig lucht scannánaíochta ansin ar lorg atmaisféar na hÉireann ó am go ham. Tá pictiúir ó Chillín Chaoimhín le feiceáil ar na scannáin Michael Collins le Neil Jordan, Dancing at Lughnasa, agus, fiú, King Arthur ón mbliain 2004.
- ↑ “Cillín Chaoimhín/Hollywood | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.