Cill Mhantáin (Dáilcheantar)

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Cill Mhantáin. Bhí suíochán amháin bainte ón Dáilcheantar in 2024 mar go bhfuil deisceart an chontae thart ar an Inbhear Mór gearrtha amach as Cill Mhantáin le dáilcheantar nua a chruthú, Cill Mhantáin-Loch Garman.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Mhantáin

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1923
Aitheantóir tuairisciúil
Jennifer Whitmore, DS, 2022
Simon Harris, 2024

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Andrew Doyle (FG), Pat Casey (FF), John Brady (SF), Stephen Donnelly (FF) agus Simon Harris (FG)

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Jennifer Whitmore (DS), Stephen Matthews (CG), John Brady (SF), Stephen Donnelly (FF) agus Simon Harris (FG). Fuair Johnny Brady (SF) 17,297 vóta in 2020, beagnach dhá oiread an vóta a fuair Simon Harris (FG). Is léir ó aistriú an fharasbairr mhóir a bhí ag Brady in 2020 go bhfuair Whitmore sciar ollmhór den vóta sin.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí triúr déag ar fad atá san iomaíocht. Bhí cúigear Teachta Dála ag seasamh agus gan ach ceithre shuíochán le líonadh.

Ní mó ná sásta a bhí an t-iar-comhairleoir contae Shay Cullen (Nspl) nár roghnaíodh é le seasamh ag coinbhinsiún Fhine Gael, agus sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Ar an gcaoi céanna bhain an Comhairleoir Joe Behan (Nspl), a bhíodh le Fianna Fáil uair, vótaí ó Stephen Donnelly (FF). Níor chabhraigh sé le Donnelly go raibh an tInbhear Mór agus deisceart an chontae bainte as an dáilcheantar, mar is sa gceantar sin ba láidre Fianna Fáil. Ar an láimh eile d'fheil an t-athrú i dteorainneacha an dáilcheantair d‘iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Jennifer Whitmore. Ní raibh mórán tacaíochta ag na Daonlathaithe Sóisialta i ndeisceart an chontae in 2020.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 toghadh Edward Timmins (FG) in áit Stephen Donnelly (FF) agus Stephen Matthews (CG). Atoghadh Jennifer Whitmore (DS), John Brady (SF), agus Simon Harris (FG).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Dinny Ó hÉallaithe (14 Samhain 2024). "An t-aire sláinte le teacht slán do FF, drochsheans go mbeidh suíochán eile ag FG i gceantar an Taoisigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.