Cill Orglan
Is baile i gContae Chiarraí í Cill Orglan.[1] Tá an baile suite i ndeisceart an chontae.
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
An Leamhain ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Killorglin. |
StairCuir in Eagar
1916Cuir in Eagar
Tharla eachtra ar Aoine an Chéasta 1916, a deir go leor staraithe a bhí ar an gcéad tubaiste den Éirí Amach 1916. Báthadh triúr d'Óglaigh na hÉireann nuair a d'imigh a ngluaisteán den déanamh Briscoe de ché Bhaile Uí Chíosáin agus isteach in Abhainn na Leamhna in aice le Cill Orglan i gCo Chiarraí.[2]
Bhí an triúr, Con Keating, Donal Sheahan agus Charlie Monahan ar a mbealach go Cathair Saidhbhín le teagmháil raidió a dhéanamh le Ruairí Mac Easmainn agus an long Ghearmánach, an Aud, a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír don Éirí Amach.[2]
Fuarthas corp Donal Sheahan agus Con Keating dhá lá ina dhiaidh sin. Bhí corp Charlie Monahan ar iarraidh ach 6 mhí i ndiaidh don Aud dul go grinneall, tháinig cnámharlach gan cloigeann ná cosa i dtír ar bhruach na Leamhna. Bhí éadaí maithe ar an chnámharlach. Fuarthas dhá leathshabhrán óir agus dornán de nótaí fliucha airgid i bpóca - níos mó airgid tirm ná a bheadh ag an ngnáthdhuine ag an am. hAithníodh ar deireadh gur corp Charlie Monahan a bhí ann.[2]
B'as Cathair Saidhbhín do Con Keating, b'as Béal Feirste do Charlie Monahan agus b'as an gCaisleán Nua Thiar do Donal Sheahan. Tá an bheirt dheireanach sin curtha sa reilig i gCill Orglan agus tá Con Keating curtha i gCathair Saidhbhín.[2]
ÍomhánnaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Maps, Weather, and Airports for Killorglin, Ireland". www.fallingrain.com. Dáta rochtana: 2021-04-21.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2015-04-02). "Comóradh á dhéanamh ar Óglaigh 1916 i gCill Orglan" (in en).