Cillscannán (ar a dtugtar freisin scannán an chíteaplasma nó membrane cítoplasmice, agus dá ngairtear an plasmaileime go stairiúil) is ea an scannán bitheolaíoch a scarann ​​an taobh istigh de gach cill ón timpeallacht lasmuigh (an spás eachtarcheallach).[1][2]  Is éard atá ann ná déchiseal lipidí le próitéiní leabaithe ann. Is é bunfheidhm an chllscannáin ná an chill a chosaint óna timpeallacht. Rialaíonn an cillscannán cén substaintí ( leithéidí íanna agus móilíní orgánacha) a thagann isteach is amach tríd an chill. [3] Ar an mbealach seo feidhmíonn  an scannán mar bhac leath-tréscaoilteach.
Ina theannta sin, bíonn cillscannáin páirteach i bpróisis cheallacha éagsúla, mar shampla cillghreamú, seoltacht ianach agus cill chomharthaíocht agus feidhmíonn siad mar dhromchla ceangail le haghaidh roinnt struchtúr eachtarcheallach, lena n-áirítear an cillbhalla, an ciseal carbaihiodráite a dtugtar gliceacailís uirthi, agus an líonra incheallach de shnáithíní próitéine ar a dtugtar anchítichreatlach. I réimse na bitheolaíochta sintéiseacha, is féidir cillscannáin a athchóimeáil go saorga.[4][5][6]

Comparáid a dhéanamh idir Eocaróit vs Prócaróit
Léaráid de chillscannán eocarótach.

Stair cuir in eagar

De bharr fionnachtana Robert Hooke i dtaca le cealla, sa bhliain 1665, cuireadh an moladh Teoiric na gCeall chun tosaigh. Thuig Hooke go raibh balla crua cealla ag gach cill ós rud é nach bhféadfaí ach cealla plandaí a thabhairt faoi deara ag an am.[7] Dhírigh micreascópaithe ar bhalla na gceall le breis is 150 bliain go dtí go ndearnadh dul chun cinn sa mhicreascópacht. Go luath sa 19ú haois, aithníodh gur aonáin ar leith iad cealla, gan ceangal, agus ceangailte le cillballaí aonair, i ndiaidh go bhfuarthas amach go bhféadfaí cealla plandaí a bheith scartha. Leathnaíodh an teoiric seo chun cealla ainmhithe a chur san áireamh, le meicníocht uilíoch le haghaidh cosanta agus forbairt na gceall a mholadh. Faoin dara leath den 19ú haois, ní raibh micreascópacht forbartha go leor chun idirdhealú a dhéanamh idir seicní cillscannáin agus cillbhallaí. Mar sin féin, bhí an ceart ag roinnt micreascópaithe a d'aithnigh ag an am seo, cé gur dofheicthe é, go bhféadfaí a thuiscint go raibh cillscannáin i gcealla ainmhithe, mar gheall ar ghluaiseacht na gcomhpháirteanna go hinmheánach ach ní go seachtrach, agus nach comhionannh scannáin agus cillbhallaí plandaí. Shéan go leor go raibh a leithéid agus cillbhalla ann ag dheireadh an 19ú haois.[7] Sa bhliain 1890, thug nuashonrú ar Theoiric na gCeall le fios go raibh cillscannáin ann, ach ní raibh iontu ach struchtúir tánaisteacha. Níor tharla sé go dtí go dtí níos déanaí ar aghaidh, nuair a bhí staidéir ar an osmóis agus tréscaoilteacht déanta go bhfuair cillbhallaí níos mó aitheantais. Sa bhliain 1895, mhol Ernest Overton go raibh cillscannáin comhdhéanta de lipidí. [8]

Nótaí agus tagairtí cuir in eagar

  1. [http://users.rcn.com/jkimball.ma.ultranet/BiologyPages/C/CellMembranes.html Kimball's Biology pages], Cell Membranes
  2. "{{{title}}}" (1999). New York: Wiley. 
  3. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2002). New York: Garland Science. 
  4. Budin, Itay (December 29, 2011). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Journal of the American Chemical Society 134 (2): 751–753. doi:10.1021/ja2076873. Dáta rochtana: February 18, 2012. 
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  7. 7.0 7.1 Lombard, Jonathan (2014-12-19). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Biology Direct 9: 32. doi:10.1186/s13062-014-0032-7. ISSN 1745-6150. 
  8. Leray, C. Chronological history of lipid center. Cyberlipid Center. Last updated on 11 November 2017. link Curtha i gcartlann 2017-10-13 ar an Wayback Machine.