Is í an Chiméiris, nó an Chambóidis, teanga oifigiúil na Cambóide. Ceann de na teangacha Astráiseacha í, cosúil leis an Vítneaimis, agus í ó dhúchas ag cúig mhilliún déag de dhaoine, a bheag nó a mhór - is deacair líon cruinn na gcainteoirí a shocrú, agus is féidir go bhfuil fiche milliún acu ann. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na cainteoirí sa Chambóid féin, ar ndóigh, ach tá diaspóra mór ann i dtíortha eile, ar nós na Téalainne, na Fraince, na hAstráile agus na Stát Aontaithe. Tá gaol sách gar aici leis an teanga Mon, a bhí ina teanga thábhachtach in Oirdheisceart na hÁise tráth, cé go bhfuil a cuid cainteoirí scaipthe ar fud an réigiúin anois. Fuair an Chiméiris cuid mhór focal ón bPáilis agus ón tSanscrait, toisc gur teangacha tábhachtacha iad siúd i gcreideamh na tíre, an Búdachas. Is follasach go raibh an-tionchar ag teangacha beo an réigiúin ar an gCiméiris fosta, an Téalainnis agus an Vítneaimis mar shampla.

Ciméiris
(PhiesaKhmae.gif)
Á labhairt: An Chambóid, an Téalainn, an Fhrainc, an Astráil, na Stát Aontaithe, agus i dtíortha éagsúla eile
Réigiún: Oirdheisceart na hÁise
Cainteoirí san Iomlán: tuairim is 20 milliún
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ostráisis -> Mon-Khmer
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Cambóide
Foras Pleanála Teanga: Rialtóir ar bith
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 km
ISO 639-2 khm
ISO 639-3 khm
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Chiméiris. Tá córas scríbhneoireachta dá cuid féin ag an gCiméiris, ar a dtugtar aksar khmer, agus is aibítir shiollach é.