Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge, de chuid Fhoras na Gaeilge, tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus don phobal léitheoireachta i gcoitinne tríd na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas:[1][2]

  • Scéim na Foilsitheoireachta Saothair ar ard-chaighdeán curtha ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge
  • Scéim na dTionscadal Litríochta Deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a éascú don phobal
  • Scéim na gCoimisiún Ciste coimisiúnaithe ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú
  • An Scéim Meantóireachta Spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta
  • Scríobh Leabhar Deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú do pháistí scoile

I dtuarascáil a foilsíodh ag deireadh na bliana 2023, moladh Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun Clár na Leabhar Gaeilge a chur i bhfeidhm go dtí an leibhéal a bhí i gceist in 2008 – €1.8 milliún – agus go dtiocfadh méadú air sin bliain i ndiaidh bliana. Níos lú ná €1.1 milliún a chuirtear ar fáil don scéim sa bhliain 2024.[3]

Féach freisin    

cuir in eagar
  1. "Leabhair & Foilsitheoireacht" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-11-13.
  2. "Léitheoireacht & Foilsitheoireacht Archives" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-11-13.
  3. Pádraic Ó Ciardha (23 Lúnasa 2024). "‘Ní leor mar straitéis a bheith ag síormholadh lucht na leabhar Gaeilge’– ceannasaí Oireachtas na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.