Tugtar clásal díreach ar an gcineál clásal coibhneasta sa Ghaeilge atá ag tagairt don duine nó don rud atá ina ainmní nó ina chuspóir sa chlásal choibhneasta féin. Is é an mhír a a úsáidtear roimh an mbriathar sa chlásal díreach, agus séimhíonn an t-a seo an briathar. Is é an t-aon eisceacht amháin ná saorbhriathar na haimsire caite ag na briathra rialta, nó ní ghéilleann an fhoirm sin d'aon chineál séimhiú. San aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach, is minic a chuirtear -as leis an mbriathar sa chlásal dhíreach, mura bhfuil iarmhír phearsanta nó iarmhír shaorbhriathair ansin cheana féin. I nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilge Uladh is minicí a d'fheicfeá an t-s seo, agus tá glacadh áirithe leis sa teanga scríofa, cé nach cuid den Chaighdeán Oifigiúil é. Féach ar na samplaí seo:

  1. Chonaic mé an fear a bhí ina mhúinteoir Gaeilge i Meánscoil Phádraig anuraidh.
  2. Bhí aithne agam ar an mbean a maraíodh sa bhuamáil.
  3. Sin í an bhean a thagann ag glanadh an tseomra gach uile lá. (Sna canúintí, deirtear go coitianta a thagas.)
  4. An fear a thiocfaidh anseo, caithfidh sibh fáilte a fhearadh roimhe go múinte. (D'fheicfeá a thiocfas i gcanúintí áirithe.) (Leagan eile:) Caithfidh sibh fáilte a fhearadh go múinte roimh an bhfear a thiocfaidh (a thiocfas) anseo.
  5. Níor chuala mé iomrá ar bith ar an ngiorria a mharaigh na sealgairí.
  6. Iasc is ea an bradán a mharaítear go coitianta in Éirinn le haghaidh bia agus trádála.