Físchluiche ar ríomhaire pearsanta, mionríomhaire, nó fón srl is ea cluiche ríomhaire, a ligeann do dhuine aonair nó grúpa cluichí a imirt. Tá tóir go háirithe ar chonsóil cluichí inniu.

Spacewar! sna 1960idí ar DEC PDP-1 de chuid MIT[1].
Pong sna 1970idí, foirm shimplí den leadóg boird.

Is iomaí cluiche atá ann. Mar shampla:

  • Is féidir gur cluiche fichille nó cártaí a bheidh ann agus an t-usáideoir ag imirt i gcoinne an ríomhaire, nó tiomáint gluaisteán le beirt úsáideoirí i gcoimhlint le chéile i rás.
  • Tá cuid mhaith de na cluichí bunaithe ar théamaí cogaidh is scannáin cosúil le Star Wars.
  • Tá cuid mhaith eile bunaithe ar spóirt is seanchluichí boird.
  • Is féidir gur cluiche gnó a bheidh ann, baincéireacht nó eile, inar féidir le grúpa imirt chun fadhbanna is dúshláin gnó a shárú agus ceachtanna a fhoghlaim as torthaí drochshocruithe.
  • I gcuid mhaith cluichí ríomhairí, is gá don imreoir dúshlán a shárú (ainmhí allta a chloí, mar shampla) agus caighdeán a bhaint amach (airde ar shliabh nó faill a dhreapadh, mar shampla) roimh dhul ar aghaidh don chéad staid eile. [2]

Oibrítear cluichí go minic le fón phóca, méarchlár ríomhaire, luamhán stiúrtha, agus / nó luch srl. Tá cluichí á saothrú ina gcaitheann an t-imreoir scáthlán nó clogad is/nó lámhainní le braiteoirí éagsúla ceangailte leis an ríomhaire chun réaltacht fhíorúil a chruthú. Bíonn leaganacha móra de na cluichí ann le haghaidh stuaraí is ionaid phoiblí siamsaíochta eile. Is comhlachtaí suntasacha a tháirgeann cluichí mar seo, Nintendo is Sega.

Stair cuir in eagar

Tugadh an chéad chluiche ríomhaire isteach sna Stáit Aontaithe sna 1960idí. Spacewar! an t-ainm a bhí air, ar DEC PDP-1 de chuid MIT[1]. Tugadh an chéad chluiche tráchtála isteach sna 1970idí. Pong an t-ainm a bhí air, foirm shimplí de leadóg bhoird.

Cogaíocht aeir, gabháil scáileáin ó chluiche bunaithe ar chomhrac idir fórsaí Libia agus SAM sa bhliain 1981

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Spacewar!" (as en) (2024-03-27). Wikipedia. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Cluichí ríomhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 149.