Cnagadh (inneall)

(Athsheolta ó Cnagadh)

Fothram creathánach a dhéanann inneall (i ngluaisteán, mar shampla) nuair a tharlaíonn dóchán neamhchothrom den mheascán aeir/breosla sa chuasán. In inneall le spréachadhaint (inneall peitril, mar shampla) faightear ídiú éifeachtach breosla le cóimheas ard comhbhrúite ag cumhacht aschuir ar leith. Ach cuireann cóimheas ard comhbhrúite isteach ar dhóchán an bhreosla ann, le hadhaint mhíchothrom, dóchán neamhshocair, agus faoi dheireadh dochar don chuasán is an loine. In inneall díosail mar nach mbíonn spréachadhaint i gceist, tarlaíonn cnagadh nuair nach mbíonn an cóimheas comhbhrúite ard a dhóthain. Bíonn breiseáin frithchnagtha i mbreoslaí an lae inniu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cnagadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 149.