Osclóidh seo an príomhroghchlár

Cnoc an Chrochaire

baile fearainn i gContae Ros Comáin
Cnoc an Chrochaire
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Roscommon Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 

- (2002)
Airde: 82 m
Contae: Contae Ros Comáin
Cúige: Connachta

Sráidbhaile i gContae Ros Comáin is ea Cnoc an Chrochaire (Knockcroghery i mBéarla), agus é suite ar bhóthar an N61 idir bailte Átha Luain agus Ros Comáin. Baineann sé le barúntacht Bhaile Átha Luain Thuaidh.

Tá an sráidbhaile suite ag bun chnoc clochach, a thugann cosaint dó ón ghaoth a thagann isteach ó Bhá Gháille. Is uaidh sin a tháinig an chéad ainm a bhí ag an sráidbhaile, "An Creagán". D'athraíodh ainm an sráidbhaile sa 16ú haois, nuair a chuir Sir Charles Coote Caisleán Gháille (a sheasann fós) faoi léigear. Rinne muintir Uí Cheallaigh iarracht an caisleán a chosaint uaidh, agus mar gheall ar sin tugadh go dtí an Creagán iad agus chrochadh iad. Tar éis sin, tugadh "Cnoc an Chrochaire" ar an áit.[1].


EacnamaíochtCuir in Eagar

Le 250 bliain anuas tá clú ar an sráidbhaile i ngeall ar dhúidíní a dhéanamh. Ag deireadh an 19ú haois bhí timpeall 100 duine i mbun an ghnó, ach cuireadh deireadh tobann leis ar 19ú Meitheamh 1921 nuair a chuir na Dúchrónaigh an sráidbhaile trí thine le linn Cogadh na Saoirse. Bhí ar chairde agus gaoil an dreama a fágadh gan dídean lóistín a thabhairt dóibh go dtí gur atógadh an sráidbhaile.

Inniu, tá ionad cuairteoirí agus saotharlann suite ar shuíomh mhonarcan Andrew agus P.J. Curley, ina ndéantar na dúidíní, ag baint úsáide as na seanteicnící. Tá Ionad Cuairteoirí an Dúidín suite i lár an bhaile.

Tá ceithre theach tábhairne sa sráidbhaile, "J.S. Murray's", "The Clay Pipe", "The Widow Pat's" agus "O' Brien's". Tá dhá shiopa grósaera ann - Murray's agus Horan's, agus stáisiún peitril agus díosail. Tá oifig poist agus bláthadóir suite ar an taobh thuaidh den bhaile.

Is féidir bia te a fháil ón Widow Pat's agus Horan's sa lá, agus ón veain i lár an bhaile níos déanaí san oíche.

Scriosadh Chnoc an ChrocaireCuir in Eagar

Go moch ar maidin an 19ú Meitheamh 1921, chuireadh Cnoc an Chrocaire trí thine ag na Dúchrónaigh.[2] Díoltas a bhí ann mar gheall ar mharú Ghinearáil Briotanach i nGlasán. Cheap siad, go mícheart, gur tháinig na marfóirí ó Chnoc an Chrocaire. Tháinig na Dúchrónaigh i gceithre leoraí agus pháirceáil siad taobh amach den séipéal. Ar meisce, scaoil siad pilléirí san aer agus chuir siad dualgas ar na daoine teacht amach ar an sráid.[3] Chuir siad na díonta tí trí thine go héasca le peitreal, ach níor éirigh leo le tithe Murray ná Flanagan, ná teach an tsagairt ach oiread, mar gheall ar na díonta sclátaí a bhí orthu. Bhrostaigh na daoine amach ar na sráideanna, gan am acu aon rud a thabhairt leo, agus iad fós gléasta don leaba.[4] Taobh istigh de tamall gearr, ní raibh fágtha san áit ach fothracha. D'ath-thógadh an sráidbhaile le linn na blianta ina dhiaidh sin.[5]

OideachasCuir in Eagar

Tá Bunscoil Mhuire suite sa bhaile. Tá ceathrar mhúinteoir ann agus freastalaíonn an scoil ar pháistí go ginearálta, páistí faoi riachtanais speisialta san áireamh. Le linn an tsamhraidh, bíonn aonad uathachais ar siúl sa scoil.

CreideamhCuir in Eagar

Is é an Caitleachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá séipéal Caitleacach sa baile, "Séipéal Naomh Pádraig" ina bhfuil an Canónach Peadar Lavin mar an sagart paróiste. Bíonn aifreann ar siúl gach oíche Sathairn ag 7.00 san iarnóin. Bíonn aifreann i bparóistí Eoin Naofa agus Ráth Ara maidin ar an Domhnach.

An CeantarCuir in Eagar

Síos an bhóthar, ar bhruach Loch Rí, tá Caisleán Gháille, daingean a tógadh sa 14ú haois, agus sa loch féin tá Inis Cliarán, oileán a ainmníodh (más fíor) as Clothra, deirfiúr na Banríona Méabh. Deir an scéal gur mharaigh Méabh a deirfiúr Eithne (Clothra) tar éis gur phós sí siúd Conchúr Mac Neasa, rí Uladh. Tógadh mac Eithne, Furbhaí, as a broinn, agus nuair a chuaigh sé sna fir mharaigh sé Méabh le cranntabhaill agus í á folcadh féin sa loch.

 
Maraíodh Méabh i Loch Rí, Contae Ros Comáin, agus cuireadh í faoi charn ag Cnoc na Ré, Contae Shligigh
 
Stáisiún Traenach Chnoc an Chrochaire

Is díol spéise é Teach Screig, áit a bhí i seilbh na gCeallach, agus samplaí iontacha de Shílí na Gig le feiceáil ina thimpeall. Teach trí urlár é a tógadh sa 18ú haois.

Muintir na hÁiteCuir in Eagar

B'as Cnoc an Chrochaire Jimmy Murray, captaen fhoireann Ros Chomáin nuair a ghnóthaigh siad Craobh Peile na hÉireann sna blianta 1943 agus 1944. Fuair Jimmy bás sa bhliain 2007.

ÓcáidíCuir in Eagar

Bíonn Aonach Chnoc an Chrochaire ar siúl, de ghnáth, sa tríú seachtain de Mhí Mheán Fómhar, agus tarraingt an tslua ann as gach cearn.

TaistealCuir in Eagar

Osclaíodh Stáisiún Traenach Chnoc an Chrochaire ar 13 Feabhra 1860 agus dúnadh é ar 17 Meitheamh 1963. Freastalaíonn an bus ó Chathair na Mart go Baile Átha Cliath ar Chnoc an Chrochaire gach lá.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Knockcroghery Village Design Statement 2008".
  2. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.20.
  3. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.21.
  4. http://hansard.millbanksystems.com/commons/1921/jun/23/burning-knockcroghery-village
  5. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.21.

Naisc sa VicipéidCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar