Cogadh Cathartha Éimin (2014-2022)

Thosaigh seach-chogadh in Éimin i ndeireadh na bliana 2014.[1] Chuaigh cúrsaí ó smacht in 2015 agus an teannas idir an Araib Shádach (agus a comhghuaillithe cumhachtacha, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe go háirithe) agus an Iaráin (agus na réabhlóidithe Houthi) ag géarú.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh Cathartha Éimin
Yemeni Crisis (en) Aistrigh agus Iran–Saudi Arabia proxy conflict (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh cathartha
Dáta16 Meán Fómhair 2014
ÁitPoblacht Éimin agus Najran Province (en) Aistrigh
TírPoblacht Éimin
CúisBattle of Aden Airport (en) Aistrigh
ÉifeachtIdirghabháil Araib Shádach san Éimin agus imirce
RannpháirtitheAli Mohsen Al-Ahmar, Khaled Bahah, Ahmad Asiri, Hamoud Saeed Al-Makhlafi, Abdul-Malik Badreddin al-Houthi, Abdrabbuh Mansour Hadi, Ali Abdullah Saleh, Mahmoud al-Subaihi, Mohammed Ali al-Houthi, Abdullah Yahya Al-hakim, Abdul-Hafez al-Saqqaf, Hussein Khairan, Mohammed Ali Al - Maqdashi, Ali Nasser Hadi, Ahmed Ali Salem Bahaj, Q20390543 Aistrigh, Q20411748 Aistrigh, Nayef al-Bakri agus Popular Resistance Committees (Yemen) (en) Aistrigh

Chuaigh an cogaíocht in abar go gasta, Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta in Aibreán 2022.[2]

De réir a chéile, f'éirigh Cogadh Cathartha Éimin 'an ghéarchéim daonna is measa ar domhan', sa 21ú haois de réir na Náisiúin Aontaithe.[3] Fuair b'fhéidir 377,000 bás le linn 2015-2021.

Tugann "Cogadh na gCarad" ar an gcoimhlint go minic ach seach-chogadh a bhí ann i ndáiríre, agus na cumhachtaí eachtrannacha ag troid lena chéile.

Tá na Houthi lonnaithe sa tuaisceart agus an-rath orthu le linn 2014-2015, rud a chur eagla an domhain ar na "Comhghuaillithe"

Cúlra cuir in eagar

Lárionad sceimhlitheoireachta Ioslamacha ba ea Éimin ó na 1990idí ar aghaidh. Mar shampla, sa bhliain 2015, mhaígh Al Qaeda in Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince.[4]

Scigphictiúr de chuid Carlos Lattouf, WikiLeaks 2016

Imeachtaí cuir in eagar

Thosaigh Cath Sanaa ar 9 Meán Fómhair 2014.[5]

Lánscoireadh an pharlaimint in Sanaʽa agus tháinig 'Coiste Réabhlóideach'[6] de chuid na Houthi le chéile ar 6 Feabhra 2015. Bhí an-rath ar Houthi le linn 2014-2015, rud a chur eagla an domhain ar na "Comhghuaillithe"

méadú ar thrádáil na n-arm sna 2010idí agus agóid i Londain, 22 Meitheamh 2018

Ar 26 Márta 2015, .thosaigh “Obráid  Decisive Storm” nuair a d’ionsaigh an Araib Shádach na Houthi in Éimin. Ach ní raibh an Stoirm cinniúnach ar chor ar bith.[7]

Básanna cuir in eagar

Idir 2015 agus 2021, fuair b'fhéidir 377,000 bás le linn an chogaidh, de réir Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe

  • 154,000 de bharr na cogaíochta;
  • 223,000, básanna indíreacha, an gorta go háirithe,[8][9][10][11] Is ar na leanaí is measa a thiteann an choimhlint.

Bhí an chomhghuaillíocht freagrach as an gcuid is mó de na básanna. Agus le linn na 2010idí, bhí an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an dá thír a dhíol an líon is mó d’airm leis an Araib Shádach.[12]

Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta in Aibreán 2022. Thosaigh Géarchéim na Mara Rua an bhliain dár gcionn.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An ceannfort Frank Reidy / Adhmhaidin RnaG (2015). "An trodaíocht ag leanúint ar aghaidh i bPoblacht Éimin" (ga). RTE Radio / RnaG. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  2. "Yemeni peace process" (as en) (2022-10-20). Wikipedia. 
  3. crisisrelief.un.org. "Yemen: The worst humanitarian crisis in the world" (en). crisisrelief.un.org. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  4. Nuacht RTÉ (2015-01-14). "Al Qaeda taobh thiar d'ionsaithe Phárais" (as ga). 
  5. "Battle of Sanaa (2014)" (as en) (2022-05-31). Wikipedia. 
  6. "Supreme Revolutionary Committee" (as en) (2021-07-05). Wikipedia. 
  7. "Saudi Arabian–led intervention in Yemen" (as en) (2023-03-05). Wikipedia. 
  8. Sorcha Nic Mhathúna, Oxfam Ireland (Márta 2017). "Achainí déanta ag Na Náisiúin Aontaithe, ag Oxfam agus ag eagraíochtaí carthanachta eile ag iarraidh fóirint ar an ngorta atá ag bagairt ar Éimin" (en). RTE Radio / RnaG. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  9. Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe / Taylor Hanna | David K. Bohl | Jonathan D. Moyer (2021). "ASSESSING THE IMPACT OF WAR IN YEMENː Pathways for Recovery". Dáta rochtana: 2022.
  10. "United Nations Development Programme" (as en) (2022-07-10). Wikipedia. 
  11. Clár Forbartha na Náisiúin Aontaithe
  12. Isla Callister (2019). "Ná salaímis ár lámha le fuil na nÉimineach Tuairisc ó Mhanainn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-23.