Cogadh na Murascaille
Cogadh na Murascaille
Dáta: 2 Lúnasa 1990 – 28 Feabhra 1991
Áit: An Iaráic, Cuáit, an Araib Shádach agus Murascaill na Peirse
Toradh: Bua ag na gcomhghuaillithe
Céilí comhraic
Cuáit
Ríocht Aontaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Araib Shádach
An Éigipt
An Fhrainc
An Iaráic
Ceannasaithe
George H. W. Bush
Dick Cheney
Colin Powell
Norman Schwarzkopf
John J. Yeosock
Walter E. Boomer
Charles Horner
Stanley Arthur
J. William Kime
Robert B. Johnston
Sheikh Jaber Al Ahmad
Sheikh Saad Al Abdullah
Rí Fahd
Saleh Al-Muhaya
Khalid bin Sultan
Hosni Mubarak
Youssef Sabri Abu Taleb
Salah Halabi
Mohammed Hussein Tantawi
Margaret Thatcher
John Major
Peter de la Billière
François Mitterrand
Michel Roquejeoffre
Saddam Hussein
Tariq Aziz
Ali Hassan al-Majid
Izzat Ibrahim al-Douri
Salah Aboud Mahmoud
Hussein Kamel al-Majid
Abid Hamid Mahmud
Slua
956,600 650,000
Taismigh
Básanna: 292
Gortaithe: 776
Básanna: 25,000–50,000
Gortaithe: 75,000+
Faoi ghlas: 80,000

Coimhlint sa 20ú haois idir an Iaráic, agus comhghuaillíocht de 35 tír, ab ea Cogadh na Murascaille (2 Lúnasa 199028 Feabhra 1991), mar fhreagra ar fhorghabháil Chuáit ag Arm na hIaráice.

I ndiaidh dó cogadh a throid sna 1980idí i gcoinne na hIaráine, rinne Uachtarán na hIaráice Saddam Hussein, ionradh ar Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[1]

1 Feabhra 1991ː saighdiúirí de chuid Chuáit agus tanc gafa

Cogadh cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

Sna 1990idí chuir imeachtaí sa Mheánoirthear agus i lár na hÁise imní ar chuid mhór daoine i dtíortha san Iarthar. Chríochnaigh an cogadh idir na Sóivéaigh agus na hAfganastánaigh san Afganastáin in 1989, rud a d’fhág folús contúirteach polaítíúil ann. Thit an tAontas Sóivéadach as a chéile agus ar leagadh Balla Bheirlín. Tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Rinneadh athaontú ar an nGearmáin.[2]

 
Bróg ar "Highway of Death"

Cogadh cuir in eagar

 
M-̈84 de chuid Chuáit

Thosaigh an cogadh ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a rinne fórsaí Iarácacha de chuid an deachtóra Saddam Hussein ruathar ar a chomharsa Cuáit. Bhuail an beart siúd le géarcháineadh idirnáisiúnta agus dhaor Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe smachtbhannaí eacnamaíocha as ar an toirt.

Meigleamáineach agus ag dul thar fóir, rinne Saddam míléamh ar an fhreagairt san Iarthar, agus mí-áireamh ar na costais.

Ba é George HW Bush a d’fhógair "Operation Desert Storm". Rinne sé éacht 35 tír a mhealladh le bheith páirteach sna hionsaithe sa Mheánoirthear.[3] Déarfadh daoine áirithe ag an am "gur mó baint a bhí ag an gCogadh le soláthar ola a chosaint ná leis na gCuáit a chosaint."[2]

Bhí fórsaí na gcomhghuaillithe faoi stúir na Stát Aontaithe Mhericeá agus bhí an Ríocht Aontaithe go mór chun cinn chomh maith.[4] Bhí cuid mhaith den troid á chraoladh ag stáisiún teilifíse nua, CNN, rud a chur iontas ar dhaoine ag an am, "faoi gheasa ag an trodaíocht aeir a bhí ar an teilifís ó oíche go maidin ag an am."[2]

Bua agus iarmhairtí cuir in eagar

 
Eitleáin comhghuaillíochta sa chogadh, agus tobair ola trí thine sa chúlra.

Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Níor lean siad orthu isteach san Iaráic chun Hussein a ghabháil.

Tharla tubaiste éiceolaíoch agus Arm na hIaráice ag teitheadh ó Chuáit; scriosadh na tobair ola a bhí go flúirseach sa tír.

Tar éis Cogadh na Murascaille, bhí cuid mhór daoine buartha go raibh Saddam Hussein go fóill ag leanúint leis ag tógáil airm ollscriosta.

 
Meitheamh 1991 i SAM

D’fhág an cogadh an réigiún ina phraiseach. Thug Bush ugach do leithéidí phobal na gCoirdíneach féinriail a lorg. Ach spreag sé sin Saddam Hussein le cinedhíothú a dhéanamh ar an bpobal.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Máirín Ní Ghadhra. "‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-28.
  3. "Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir Tom Lantos dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.̊ Maidhc Ó Cathail - (2011). "An bhFuil Daonlathas i nDán don Mheánoirthear?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-28.
  4. Seosamh Ó Cuaig. "An oíche a phléamar George Bush agus cogadh na Murascaille i dteach ar Mhachaire Mhinnesota" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-28.