Gléas ceoil, déanta as faid éagsúla cána nó adhmaid chuasaigh eile agus iad ceangailte le chéile ina sraith píob. Séideann an seinnteoir trasna an bhairr chun airde ar leith a sheinm as gach píb. Gléas fíorársa a úsáidtear i gceol tíre i gcuid mhaith tíortha, ar fud Mheiriceá Theas, mar shampla.

Coinlín ceoil