Coláiste Ailigh
Is meánscoil lánGhaeilge do bhuachaillí agus cailíní i Leitir Ceanainn, Tír Chonaill é Coláiste Ailigh. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2000. Tá sí suite i gCnoc na Móna i Leitir Ceanainn agus faoi láthair tá 280 scoláire ag freastal uirthi.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | scoil |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 2000 |
Suíomh gréasáin | colaisteailigh.ie |
Scoil de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna Chontae Dhún na nGall í agus nuair a bunaíodh a chéaduair í sa bhliain 2000, bhí sí lonnaithe go sealadach in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Bhog sí i lár Mheán Fómhair 2000 go dtí Teach Sprackburn ar an Bhóthar Ard. Sa bhliain 2013, bhog an scoil isteach i bhfoirgneamh úrnua i gCnoc na Móna agus d'oscail an Taoiseach Éanna Ó Cionnaigh an scoil go hoifigiúil i 2014.
Tá clú bainte amach ag an scoil i réimsí na drámaíochta, an cheoil agus an spórt. Tá traidisiún láidir acadúil ag an scoil.
Míchéal Ó Giobúin atá mar phríomhoide reatha ar an scoil.