Iasc mór aclaí, dáilte go forleathan in uiscí dromchlacha oscailte na n-aigéan is ea colgán na ndealg[1] (géineas Istiophorus). Tugtar gaithiasc, mairlín, nó iasc seoil air freisin. Suas le 3.5 m ar fhad. Liathghorm ar barr, geal-liath faoina bhun. Aithnítear go héasca é as an eite fhada ard droma. Itheann sé éisc is scuideanna. An-luachmhar mar iasc iontach spóirt, agus gabhtar go trádálach i réigiúin áirithe é.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoColgán na ndealg
Istiophorus Cuir in eagar ar Wikidata

Istiophorus platypterus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdIstiophoriformes
FineIstiophoridae
GéineasIstiophorus Cuir in eagar ar Wikidata
Lacépède, 1801

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Istiophorus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Iasc seoil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 361.