Colmóir
Iasc inite, tábhachtach sa trádáil, cosúil leis an trosc. Scaipthe go forleathan sa bhfarraige mheasartha ar na scairbheacha ilchríocha. Suas le 1 m ar fhad, an ceann is na gialla mór, na fiacla láidir. Dath liathghorm ar an droim, airgeadach bán faoina bhun. Itheann sé éisc is scuideanna den chuid is mó.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Colmóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 161.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |