Colm Ó Cíosóig

ceoltóir Éireannach

Ceoltóir Éireannach as Baile Átha Cliath é Colm Ó Cíosóig (rugadh é ar an 31 Deireadh Fómhair 1964). Is drumadóir é Ó Cíosóig, a bhí ina bhunaitheoir ar an bhanna mór le rá Éireannach/Sasanach My Bloody Valentine, in éineacht leis a chara Kevin Shields. Chaith sé na blianta idir 1984 agus 1995 sa bhanna, agus b'eisean a chum an rian "Touched" ar a n-albam cáiliúil Loveless sa bhliain 1991. Nuair a cuireadh deireadh leis an mbanna, thosaigh sé scéim eile darbh ainm Hope Sandoval & the Warm Inventions, le Hope Sandoval ón ngrúpa Meiriceánach Mazzy Star.

Colm Ó Cíosóig
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 31, 1964(56 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éire
Gairm
Gairm ceoltóir, iéiritheoir ceirníní agus cumadóir
Gluaiseacht ealaíne rac malartach
Uirlis cheoil foireann drumaí
IMDb nm1559693

I mí na Samhna 2007, tháinig My Bloody Valentine ar ais le chéile, agus tá Ó Cíosóig ag seinm leo fós.