Columbán
Ba mhisinéir Éireannach é Naomh Columbán (540 – 23 Samhain[1] 615; Laidin: Columbanus Bobiensis) a bhain clú agus cáil amach, ní hamháin dó féin ach do na nósanna Gaelacha a rug sé leis.
Columbán | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Cúige Laighean, thart ar 540, thart ar 543 | ||
Náisiúntacht | Éire | ||
Bás | Bobbio, 23 Samhain 615, 615 | ||
Áit adhlactha | Bobbio Abbey (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Teangacha | An Laidin | ||
Múinteoirí | Comhghall | ||
Mic léinn | Bladulfo | ||
Gairm | |||
Gairm | manach, misinéir agus scríbhneoir | ||
Féile | |||
23 Samhain | |||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Críostaíocht Cheilteach | ||
Ord | Règle de saint Colomban (fr) ![]() |
Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann[2]. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Ceiliúrtar a lá féile ar an 23 Samhain.
Bhunaigh sé roinnt mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa, i ríochtaí na bhFranc agus na Lombairde, ach go háirithe Luxeuil (sa Fhrainc an lae inniu) agus Bobbio (san Iodáil). Seasann Columbán mar eiseamláir de ghníomhaíocht na misinéirí Éireannacha san Eoraip le linn an Mheánaois-Luath.
Tá Columbán Naofa ina naomh-phatrún ar an Aontas Eorpach.
LuathshaolCuir in Eagar
Is i gCúige Laighean a rugadh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin.
MisinéireachtCuir in Eagar
Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág Columbán Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin.
Bhunaigh Columbán mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine. Bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí, díbríodh ón dúiche sin é.
D’éirigh le Columbán a bhealach a dhéanamh tríd an Eilvéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz.
Thrasnaigh Columbán Sliabh Alpa. Bhunaigh Columbán a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615.
ScríbhneoireachtCuir in Eagar
Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ nó 21 Samhain uaireanta
- ↑ "Naomh Columbán, ab: Samhain 23 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-11-14.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |