Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Is údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann é Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin (Béarla: Newry, Mourne and Down District Council), a bunaíodh ar an 1 Aibreán 2015. Tháinig an chomhairle nua in áit Comhairle Ceantair an Dúin agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn,  agus clúdaíonn sí an chuid is mó d'oirdheisceart Thuaisceart Éireann. Bhí an chéad toghcháin chuig an údaráis ar an 22 Bealtaine 2014, agus ghníomhaigh sí mar scáthúdarás, roimh cruthú Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, ar an 1 Aibreán 2015.

An ceantar atá faoi rialú an gComhairle

Cathaoirligh cuir in eagar

Cathaoirleach cuir in eagar

Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Naomi Bailie[1] Sinn Féin
2016 2017 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2017 2018 Róisín Mulgrew Sinn Féin
2018 2019 Mark Murnin PSDLO
2019 2020 Charlie Casey Sinn Féin

Leas-Chathaoirleach cuir in eagar

Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2016 2017 Garth Craig An Páirtí Aontachtach Daonlathach
2017 2018 William Clarke Sinn Féin
2018 2019 Oksana McMahon Sinn Féin
2019 2020 Terry Andrews PSDLO

Comhairleoirí cuir in eagar

Chun críche toghcháin tá an chomhairle roinnte i seacht Limistéar Toghcheantar (LTC):[2]

Limistéar Suíocháin
Crotshliabh 6
Dún Pádraig 5
Iúr Cinn Trá 6
Rowallane 5
Sliabh Crúibe 5
Baile Fearainn

Sliabh gCuillinn

7
Múrna 7

Láidreacht na bPáirtithe  cuir in eagar

 

Páirtí Tofa Reatha
Sinn Féin 16 16
PSDLO 11 11
PAD 3 3
PAU 4 4
Comhaontas 2 2
Neamhspleácha 5 5

Leagan nuashonraithe ar 20 Iúil 2019.

Comhairleoirí de réir toghlimistéar cuir in eagar

:Chomhthoghadh chun folúntais a líonadh ón toghchán.: Cleamhnacht nua  pháirtí ón toghchán deireanach. Nuashonraithe deireanach ar 28 nollaig 2017. Le haghaidh tuilleadh sonraí a fheiceáil féach Toghcháin Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, 2014.

Daonra cuir in eagar

Clúdaonn limistéar na Comhairle nua daonra de 171,533 áitritheoirí dar le Daonáireamh Thuaisceart Éireann, sa bhliain 2011 .[3]

Polasaí Dátheangachais na Comhairle cuir in eagar

Bhí Comhairle an Iúir agus Mhúrn uathúil, i measc na n-údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann, sa mhéid is go raibh polasaí daththeangachais aici. Ghlac Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a cumhachtaí iomlána agus a freagrachtaí reachtúla orthu féin ar an 1 Aibreán 2015. Ag éirí as Airteagal 7.1 den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (CETRM), ghlach an Chomhairle nua go raibh uirthi féin 'Polasaí Dátheangachais Chomhairle an Iúir & Múrn' a chur i bhfeidhm freisin.[4]

Deirtear faoi 'Airteagal 7 - Cuspóirí agus prionsabail' den CETRM an méid seo a leanas; "I dtaca le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, laistigh de na críocha ina n-úsáidtear na teangacha sin, agus i gcomhréir leis an staid ina bhfuil gach teanga, fothóidh na Páirtithe a mbeartais, a reachtaíocht agus a gcleachtas ar na cuspóirí agus na prionsabail seo a leanas: (a) na teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a aithin mar fhriotal ar an saibhreas cultúrtha; (b) limistéar geografach gach teanga réigiúnach nó mionlaigh a urramú d'fhonn a chinntiú nach mbeidh rannáin riaracháin atá ann cheana nó rannáin riaracháin nua ina gconstaic ar an teanga réigiúnach nó mhionlaigh atá i gceist a chur chun cinn."

Tagairtí cuir in eagar