Comhdháil Potsdam a thugtar ar chruinniú mullaigh idir cinn rialtais na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus na Rúise (" an Triúr Mór") a bhí ar siúl ó 17 Iúil2 Lúnasa 1945.[1] Reáchtáladh an chomhdháil, an chomhdháil iarchogaidh is mó idir na Comhghuaillithe, i Schloss Cecilienhof, pálas i bPotsdam na Gearmáine.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil Potsdam
Íomhá
Map
 52°25′09″N 13°04′15″E / 52.419169°N 13.070831°E / 52.419169; 13.070831
Cineálcomhdháil
conradh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 Iúil - 2 Lúnasa 1945
Tréimhse amaAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCecilienhof, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata, Potsdam
Potsdam Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sínitheoir


Winston Churchill, Harry Truman, agus Iósaf Stailín

Cúlra cuir in eagar

Ní raibh cruinniú Potsdam chomh cairdiúil agus a bhí an cruinniú in Yalta.

  • Chomh maith leis sin mhéadaigh amhras Stailín faoin Iarthar nuair a dúradh leis go raibh an buama adamhach réidh ag na Meiriceánaigh ach nach raibh siad sásta an teicneolaíocht a roinnt le APSS.
  • Bhí dearcadh rialtais na Breataine agus na Stát Aontaithe i leith APSS ag géarú mar gur tuigeadh dóibh go raibh an Rúis ag bunú rialtas soip[2] i roinnt tíortha a bhí faoina smacht.
  • Cailleadh Roosevelt in Aibreán 1945 agus ghlac Harry Truman a áit. Níor thaitin Stailín le Truman agus bhí amhras air faoina chuid aidhmeanna. Bhí a chomhairleoirí ag moladh dó bheith crua le Stailín agus gan mórán a ghéilleadh leis.

Socruithe cuir in eagar

Socraíodh na rudaí seo a leanas ag Potsdam:

  • An dóigh a raibh an Ghearmáin le bheith roinnte agus rialaithe;
  • An dóigh a raibh an Ostair le bheith roinnte;
  • Bheadh gach cumhacht ábalta cúiteamh a ghlacadh óna crios féin. Ní raibh cead an oiread sin a ghlacadh agus a chuirfeadh isteach ar bheatha na ngnáth-Ghearmánach. Ach d’fhéadfadh an Rúis cúiteamh áirithe a ghlacadh as an chrios Bhriotanach agus as an chrios Mheiriceánach mar chúiteamh ar sholáthairtí bia, breosla agus amhábhair.
 

I dtéarmaí ginearálta, áfach, bhí easaontas mór ann ar an chruth a bheadh ar an Eoraip san am a bhí le teacht agus bhí an chomhghuaillíocht chogaidh ag titim as a chéile.

Léirigh an drochamhras agus an teannas a bhí ag Potsdam an chéad titim teochta sa Chogadh Fhuar.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. St Marys, Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. stáit a bhí ar teaghrán ag na Cummanaigh sa Rúis