Tabhairt na cíche do naíonán ar feadh tréimhse tar éis a bhreithe is ea beathú cíche, cothú cíchecothú ar an gcíoch.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtBeathú cíche
Aitheantóirí
MeSHD001942
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch

Tógann tál an bhainne (lachtadh) suas le 3 lá i ndiaidh na breithe le bheith bunaithe i gceart.

Cothú cíche (Renesse Satyr : "At the peasant's house")

Buntáistí cuir in eagar

Meastar gur buntáiste iontach é cothú cíche don naíonán.[1] Aistrítear antasubstaintí na máthar don naíonán sa bhainne, agus cabhraíonn siad seo le bac a chur ar ionfhabhtuithe.

Is eol go bhfaigheann naíonán a chothaítear ar bhainne cíche ar feadh leathbhliana buntáiste suntasach ar naíonán a chothaítear le buidéal le hullmhóidí cumarsáideacha. Is mó bainne a bhíonn ag an mháthair san oíche agus laghdaíonn an cothú san oíche a riosca a bhaineann le bás tobann naíonán.[2]

Mar sin, i dtíortha forbartha go háirithe, tá an codán máithreacha a thugann an chíoch dá naíonáin ag méadú ó na 1960idí.[3] Ach fanann bacainní go leor. Orthu siúd, dar le UNICEF, tá

  • 1. Noirm shóisialta nach molann cothú cíche fadtéarmach
  • 2. Míthuiscint fhorleathan gur féidir bainne cíche a ionadú le bainne foirmle gan dochar
  • 3. Easpa tacaíochta iarbhreithne agus tacaíocht mhaith do mhná chun tús maith a chur leis
  • 4. Gnólachtaí móra bainne cíche a dhéanann an cothú le buidéal a normalaú agus a bhaineann an bonn den chothú cíche.[2]

Cothú cíche in Éirinn

De réir taighde sa bhliain 2023, tosaíonn 63% de na máithreacha in Éirinn ar an chothú cíche san otharlann, ach taobh istigh de 6 mhí ní bhíonn ach 15% de na leanaí ar an bhainne cíche amháin.[4]Tá an ráta cothaithe níos fearr sa chuid eile den Eoraip..[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. hse.ie (2017). "Cén difríocht a dhéanfaidh beathú cíche?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 2.2 Ian Mac Murchaidh (2023-08-03). "An chíoch abú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Cothú cíche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 177.
  4. Sarah Murphy, Laura Carter, Tasneem Al Shizawi, Michelle Queally, Sarah Brennan, Stephen O’Neill (2023-01-20). "Exploring the relationship between breastfeeding and the incidence of infant illnesses in Ireland: evidence from a nationally representative prospective cohort study". BMC Public Health 23 (1): 140. doi:10.1186/s12889-023-15045-8. ISSN 1471-2458. PMID 36670399. PMC:PMC9854149. 
  5. "World Breastfeeding Week" (as en) (2023-08-02). Wikipedia.