Ísliú ciorclach i ndromchla reanna phláinéadaigh. Rinneadh an chuid is mó díobh ar Mhearcair, an Ghealach agus na satailítí nádúrtha de chuid na bpláinéad trí imbhuailtí dreigítí nó cóiméad i bhfad ó shin. Tá cráitéir bholcánacha ar an nGealach, Mars, Véineas agus Io (ceann de shatailítí Iúpatair) freisin. Tá cráitéir ar Domhan a tharla mar thoradh ar imbhuailtí dreigítí (mar shampla, Cráitéar na Dreigíte) agus pléascthaí bolcánacha (mar shampla, Loch an Chráitéir in Oregon).[1]

Cráitéar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cráitéar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.