Cráitéar imbhuailte atá 1.5 km ar leithead, gar do Flagstaff, Arizona is ea Cráitéar na Dreigíte (Béarla: Meteor Crater). Meastar gur cruthaíodh é timpeall 20,000 bliain ó shin. An geolaí Eugene Shoemaker a rinne amach a bhunús sna 1950idí, ag léiriú den chéad uair riamh tábhacht imbhuailtí dreigítí i stair is éabhlóid an Domhain is na bpláinéad. Meastar go raibh an dreigít imbhuailte timpeall 10 m ar leithead. An dreigít is mó a fuarthas ar Domhan, is dreigít iarainn í, 60 tonna meáchain, atá fós ina cráitéar sa Namaib.[1]

Cráitéar na Dreigíte, Arizona

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cráitéar na Dreigíte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.