Cré na Cille

úrscéal le Máirtín Ó Cadhain

Úrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é Cré na Cille (nó Cré na Cille: aithris i ndeich n-eadarlúid uaireanta). Foilsíodh an t-úrscéal mír de réir a chéile sa nuachtán Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair na bliana 1949 agus foilsíodh i bhfoirm leabhair ag Sáirséal agus Dill sa bhliain chéanna é. Tá an t-úrscéal lonnaithe i reilig i gConamara. Caitríona Pháidín an príomhcharachtar ann, í díreach tar éis báis, is caitheann sí a cuid ama ag comhrá le muintir na reilige. De réir mar a bhásaíonn tuilleadh daoine, tógtar scéalta faoin saol beo thuas síos go muintir na reilige is tagann sé chun solais gurb é an chloch is mó ar pháidrín Chaitríona Pháidín an ceann is fearr a fháil ar a deirfiúr Neil. Tugann an t-úrscéal spléachadh ar ghné mhíthaitneamhach de shaol na tuaithe in Éirinn, gné na cúlchainte is an bhéadáin. Sa chaint dhíreach is mó atá téacs an leabhair. Tá an leabhar roinnte ina dheich n-eadarlúid. Bíonn Stoc na Cille ag caint idir gach eadarlúid.

WD Bosca Sonraí LeabharCré na Cille
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1949 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirSáirséal Ó Marcaigh
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aicmiúchán deachúil Dewey891.6/2343 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá de cháil ag an leabhar a bheith casta, agus áitítear scaití nár thuig muintir Chonamara é.[1] Tá an téis sin bréagnaithe ag Ó Béarra (Ó Béarra, Feargal, “Gaeilge Uí Chadhain”, in: Máire Ní Annracháin, [eagarthóir], Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille 37, Má Nuad: An Sagart, 2007. 103–130). Bronnadh Duais an Oireachtais ar an úrscéal sa bhliain 1947 agus roghnaigh UNESCO go n-aistreofaí an leabhar go mórtheangacha eile na hEorpa, mar aon le sárshaothair eile a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana. Aithníodh beagnach láithreach gur mórleabhar de chuid na Gaeilge a bhí ann. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. Nuair nach raibh An Gúm sásta déileáil leis, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, Sáirséal agus Dill, leis agus d’fhoilsigh é ar an 10 Márta 1950.

Plota an Leabhair cuir in eagar

De réir leathanaigh thosaigh an leabhair tá an leabhar lonnaithe mar seo a leanas; Am, De shíor agus Láthair, An Chill.

Na hEadarlúidí cuir in eagar

  • Eadarlúid I: An Chré Dhubh
  • Eadarlúid II: An Chré á Srathrú
  • Eadarlúid III: An Chré á Slámadh
  • Eadarlúid IV: An Chré á Meilt
  • Eadarlúid V: An Chré á Cnáimhleasú
  • Eadarlúid VI: An Chré á Suaitheadh
  • Eadarlúid VII: An Chré á Cumadh
  • Eadarlúid VIII: An Chré á Cruaghoradh
  • Eadarlúid IX: An Chré á Líomhadh
  • Eadarlúid X: An Chré Gheal

Inspioráid don Leabhar cuir in eagar

Cuireadh i leith an Chadhnaigh gur thug Dostoevsky inspioráid don scéal, agus cé gur ghéill sé go mb'fhéidir gur imir saothar Dostoevsky tionchar air féin mhaígh sé, in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, go raibh Cré na Cille bunaithe ar ráiteas a chuala sé nuair a bhí uaigh á tochailt do sheanfhondúir de chuid an Chnocáin Ghlais i ngeimhreadh na bliana 19441945.

Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na cónraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: 'an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid téaltaithe sa deire í, anuas', adúirt se, 'ach ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air'. 'Ó', adúirt ceann eile, 'ó bhó go deo nach ann a bheas an "grammar".

Labhair sé san óráid chéanna ar roinnt leabhar eile a luaitear a bheith cosúil le Cré na Cille, scéal ag Fyodor Dostoevsky dar teideal Babok a bhfuil cosúlachtaí idir é agus Cré na Cille, agus Spoon River Anthology le Edgar Lee Masters.

Más fíor rudaí áirid adúradh fúm is mar seo a d'fhan siad i ngan fhios i m'intinn. Dúradh faoi Chré na Cille gur scéal le Dostoevski a mheabhraigh dhom í. Níl mé cinnte ar léigh mé scéal sin Dostoevski ná gearrscéal ar bith leis roimh Chré na Cille a scríobh. Léigh mé an ceann áirid sin, nuair a cuireadh an rud seo i mo leith. Is beag cosúlacht dháiríre atá ag Cré na Cille le scéal an Rúisigh, an oiread céanna b'fhéidir is atá ag téama an ghrá, an grá tur féin, ó úrscéal go húrscéal den méid úrscéalta a bhfuil an grá iontu. Chloisinn mo chomharsanaí ag caint: an bhfuil a fhios agaibh anois céard déarfas Willy Beag thiar sa reilig nuair a chuirfeas siad fód ar Mhaidhc thiar len a ais?' Nó: `go sábhála Dia sinn má tá féith bheo ar bith i gCite Fhada thiar san uaigh gheobha an cailín seo siar an teanga'. Chonaic mé an rud a mheabharaigh na cainteannaí seo ar fad dhom as an nua. Tá roinnt reiligeachaí i gCois Fharraige agus thiocfadh dhó tarlú i gcuid acu. San am ar ligeadh as an gcampa géibhinn mé bhí mé sa mbaile an geimhre sin. Fuair bean chomharsan liom bás amach ar ghearrógaí dubha na Nollag. Bhí díle bháistí ann agus breac-shneachta thríthí, sa gcaoi nárbh bhféidir an uaigh a dhéanamh go dtí an lá a raibh sí dhá cur. Chua cúigear nó seisear againn dhá déanamh le deifriú léi. Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na conraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: 'an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid teáltaithe sa deire í, anuas', adúirt sé ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air. 'Ó'. adúirt ceann eile, 'ó bhó go deo nach ann a bheas an ‘grammar".' Má tá i ndán's go raibh scéal Dostoevski cuisnithe in áit eicínt i m'intinn, b'fhéidir gur mhúscail rudaí mar sin chun beatha é. Dúradh rudaí eile a bhí gan tóin gan cheann. San am ar tháinig Cré na Cille amach an chéad uair agus aríst le goirid dúradh gurb as an Spoon River Anthology a fuair mé í. Ní fhaca mé an Spoon River Anthology ní áirím í a léamh. De bharr an rud sin a bheith athphléite i gComhar le goirid tuigim anois go bhfuil tuambaí sa duanaire sin agus tuairiscí faoi shaol na ndaoine atá fúthu sin scríofa ar na tuambaí. Dúradh freisin gurb ag aithris ar bheirt Mheireacánach eile a bhí mé, John Dos Passos agus Thomas Woulfe. Níor léigh mé smid le ceachtar acu ariamh.

Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó; na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh.[2]

Forbairt an Leabhair cuir in eagar

Dar le roinnt feictear réamhleagan den úrscéal á fhorbairt in An Marbh agus an Beo a foilsíodh in Aiséirighe timpeall na bliana 1940, an chéad saothar cruthaitheach a foilsíodh leis an gCadhnach tar éis dó blianta an ghéibhinn a chur de. Tuairim is 2,000 focal atá ann. Dar leis an Dr Mícheál Briody tá tús an scéil fabhtach agus tá codanna d'abairtí ar lár. Micil Pheadair Mac Confhaola fear inste an scéil agus tá macallaí de Chré na Cille le haithint ar an scéal sa chaoi is go bhfuil cur síos ar dhaoine nua-adhlactha ann.

Leaganacha Bunaithe ar an Leabhar cuir in eagar

Rinneadh dhá dhráma raidió (RnaG agus RTÉ), dráma ardáin, agus scannán lánfhada bunaithe ar an leabhar. Cré na Cille is ainm dóibh ar fad.

Léirmheastóireacht cuir in eagar

Deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.’

Is é suíomh an úrscéil ná go gcloistear gutha na marbh ag labhairt ón uaigh, agus iad ag caitheamh anuas ar a chéile agus ag déanamh a mionghearáin díreach chomh suarach le daoine beo. Áitíonn roinnt leirmheastóirí go gcuireann an leabhar réadúlacht dhraíochtúil na scríbhneoirí móra ó Mheiriceá Theas i gcuimhne. Tá greann íorónta ann, dar leo, agus an scríbhneoir ag léiriú an-tuiscint do na difríochtaí stádais idir aicmí éagsúla na sochaí a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhás seisean aníos. Go háirithe, is gnách a rá gurbh é an t-úrscéal seo a mhúin do na daoine sa Ghalltacht go raibh aicmeachas i sochaí na Gaeltachta chomh maith leis an gcuid eile d'Éirinn.

"Mórán chuile fhocal dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Carna pacáilte i mbéil ochtair nó naonúir." Ar Aghaidh

"Gach aon duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge bheo, bhríomhar, urranta a scríobhann Máirtín Ó Cadhain, gheobhaidh sé a sheacht sá scéal seo." Irish Independent

Sáirséal agus Dill "Is mó an ráchairt a bhí ar an gcéad eagrán de Chré na Cille ná mar a bhi ar aon leabhar eile dár fhoilsíomar, roimhe nó ina dhiaidh. Dúramar gur saothar réabhlóideach liteartha a bhí ann agus go mbeadh mórán cainte faoi."

"With the publication of Cré na Cille Irish literature, has come of age. No superlatives can exaggerate its importance. It not only puts Irish literature on the map, but may well establish the standard language, of both literature and speech." An tIolar

"Ní as an Ghaeltacht dom, ach aithním gach duine (beagnach) atá ag gluaiseacht tríd an scéal seo: aithním gach cor ina n-intinn, gach féith ina gcroí, gach leid agus gach nod agus leathfhocal dá scaoileann siad uathu. Rud is ionann agus a rá nach iad muintir na Gaeltachta atá anseo ach muintir na hÉireann... Maithim gach locht don údar nuair a bhraithim an teanga ann: ag gluaiseacht ina tonnta, ag scairdeadh ina srutha, ag coipeadh ina guairneáin, ag li na gcarraigeacha mar thaoille tuile. An bhoirbe shaibhir, rábach, gharbh, thorthach a dhein clú do Phantagruel, do Shancho Panza, do Ghil Blas, do Fhalstaff. An té a léifeadh an leabhar seo déarfadh sé láithreach gur teanga í seo nach baol di an bás ach gur dual di borradh ó bhuinne i mbláth agus ó bhláth i dtoradh. Is í teanga na mbeo a labhraítear i gCré na Cille - Flann Mac an tSaoir in Comhar

"As an leabhar seo, a bhfuil a chuma ag freagairt dá thábhacht, cluintear Stoc na Cille á fhógairt go bhfuil ré nua litríochta i nGaeilge buailte linn. Caithfear éisteacht..." - Stiúrthóirí an Chlub Leabhar

"A strange arresting book Máirtín Ó Cadhain shows in this book that he has in him the makings of a really great writer, the first serious challenge to the supremacy of those in Ireland who write in English." Raidió Éireann

"Tá moladh déanta ag daoine ar an nuacht atá i gCré na Cille agus tá sé tuillte. Ach ní hé sin an rud is mó ar chuir mise suim ann ach sa ghreann. Sin an bua thar bhuanna eile atá insonraithe i gCré na Cille." - Ciarán ó Nualláin in Inniu

"Leabhar tábhachtach Cré na Cille... scríbhneoir ó thalamh a údar... tá píosa de theanga na Gaeltachta againn ná déanfar é a shárú go ceann i bhfad." Dónall Ó Corcora i bhFeasta

"Seo an saothar Gaeilge is tábhachtaí a foilsíodh le fiche bliain anuas" (aistrithe ón mBéarla) Radio Review (This is the most important Gaelic work published over the past twenty years.')

"Más úrscéal saothar ealaíonta íomháineachta faoi smaointe agus imeachtaí daoine, ansin is féidir a rá gur úrscéal é Cré na Cille agus úrscéal mór le rá freisin... éagsúil ar fad le haon rud dá raibh sa Ghaeilge go nuige seo" - Earnán de Blaghd sa Sunday Independent

"D'athraigh Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain an dearcadh a bhí againn ar nualitríocht na Gaeilge. Maidir le toirt, fuinneamh, carachtaracht agus luadar comhrá rug sé bua ar a dtáinig roimhe de leabhair Ghaeilge. Thug sé amach as ceapóga na mionscéalaíochta sinn, isteach i machaire na mórchumadóireachta." - Cló

"Tá scríob nua treafa ag an údar leis an saothar seo, a fhanfaidh ina chloch sprice ag scríbhneoirí a thiocfaidh ina dhiaidh." - Iris an Gharda

"Leabhar neamhghnách, cumasach é, an charachtaracht ar fheabhas ann, agus léargas grinnsúileach ann ar mhórán gnéithe de shaol na tuaithe." An tUltach

"Gach aon duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge bheo, bhríomhar, urranta a scríobhann Máirtín ó Cadhain, gheobhaidh sé a sheacht sá sa scéal seo - Irish Independent

"Máirtín Ó Cadhain an t-údar: molaim agus tréaslaím dó a shaothar" - Envoy

"Tá sé ar cheann de na hiarrachtaí is fearr a rinneadh fós ar litríocht a chur ar fáil do dhaoine fásta" - Scéala Éireann

"Have you read Cré na Cille?" - Seán Ó Maoláin i nDáil Éireann

Meas ar an gCadhnach i ngeall ar an leabhar cuir in eagar

Bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéalta An Braon Broghach, 1948 agus chinntigh an t-úrscéal seo aitheantas forleathan dó. 'There goes Cré na Cille' a dúradh faoi agus é ag siúl timpeall ar Bhaile Átha Cliath.

Carachtair cuir in eagar

  • Caitríona Pháidín Úradhlactha.
  • Pádraig Chaitríona A hAonmhac.
  • Iníon Nóra Sheáinín Bean Phádraig Chaitríona. In aontíos le Caitríona.
  • Máirín Girseach le Pádraig Chaitríona agus Iníon Nóra Sheáinín.
  • Nóra Sheáinín Máthair bhean Phádraig Chaitríona.
  • Baba Pháidín Deirfiúr do Chaitríona agus do Neil. I Meiriceá di. Súil le huacht uaithi.
  • Neil Pháidín Deifiúr Chaitríona agus Bhaba
  • Jeaic na Scolóige Fear Neil
  • Peadar Neil Mac le Neil agus Jeaic
  • Meaig Bhriain Mhóir Bean Pheadar Neil
  • Brian Óg Mac le Peadar Neil agus Meaig Bhriain Mhóir. Ag dul ina shagart.
  • Brian Mór Athair Mheaig.
  • Tomás Taobh Istigh Gaol do Chaitríona agus do Neil. An bheirt ag iomaíocht
  • Muraed Phroinsiais Comharsa bhéal dorais agus uchtchara do Chaitríona riamh.
  • Comharsa agus Lucht Aitheantais Eile.

Ealaíon cuir in eagar

Charles Lamb RHA a dhear an clúdach agus a rinne na léaráidí de na carachtair don bhunleabhar mar atá thíos.

  • Caitríona Pháidín
  • Tomás Taobh Istigh
  • An Máistir Mór
  • Deirfiúr an tSagairt
  • Brian Mór
  • Neil Pháidín

Eagráin cuir in eagar

Aistriúcháin cuir in eagar

  • Kirkegårdsjord: gjenfortellinger i ti mellomspill (Cré na Cille), aistriúchán Ioruaise le Jan Erik Rekdal, 1995.
  • Churchyard Clay (Cré na Cille), aistriúchán Béarla le Joan Trodden Keeffe, U.M.I. Dissertation Information Service, SAM 1988.
  • Cré na Cille/Churchyard Clay (1949) – an extract, aistriúchán go Béarla de chuid Eibhlín Ní Allúrain agus Maitín Ó Néill, in: Krino 11 (Samhradh na bliana 1991), S. 13–25.
  • Chuir Alan Titley aistriúchán amach faoin teideal The Dirty Dust. Aistriúchán scaoilte go maith atá ann agus Titley ag féachtaint chuige beocht theanga Uí Chadhain a chur in iúl trí Bhéarla saibhir dhomhan an lae inniu a tharraint chuige féin.
  • Seoladh aistriúchán iomlán Béarla ar an 8ú Aibreáin 2016, Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire a d'aistrigh. Graveyard Clay is teideal dó agus is aistriúchán é a fhanann dílis go maith don bhunleabhar.
  • Táthar ag súil go mbeidh leaganacha i dtrí cinn de theangacha eile i gcló roimh thús na bliana 2017 - Ollainnis, Seicis, agus Gearmáinis[3].
  • Aistríodh é go dtí na teangacha seo freisin: An Ioruais, An Danmhairgis, An Ghearmáinis, An Turcais, An Ísiltíris, An Iodáilis, an Ungáiris agus An tSeicis ina measc.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brain Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  2. Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.
  3. http://tuairisc.ie/la-mor-do-cre-na-cille-agus-dha-leagan-nua-le-seoladh-inniu/