In Éirinn, is é an príomhchóras creidimh ná an Chríostaíocht. D'fhás an Chríostaíocht ó aimsir Naoimh Phádraig, go dtí gur bheagán de shean chreideamh na nGael a sheas i ndiaidh na meán aoiseanna.

Tá os cionn 95% de phobal i bPoblacht na hÉireann, in ainm a bheith ceangailte leis an gCaitliceachas (Eaglais an Chaitliceachais Rómhánaigh) le mionlaigh a bhaineann leis na heaglais Protastúnacha. Ina measc siúd tá an eaglais Phreispitéireach, an eaglais Mheitideach, Eaglais na hÉireann agus eaglaisí eile Phrotastúnacha. De réir Eaglais na hÉireann í féin, is Eaglais Chaitliceach Anglacánach atá inti. Tá méadú ag teacht ar phobail eile ó na 1990í i leith, é ar fad, nach mór, ag baint le hinimirce. Tá Giúdaigh, Moslamaigh agus Hiondúigh anois sa tír, maille le Búdaithe agus creidimh eile.

I dTuaisceart Éireann, ón 17ú hAois tá tromlach Protastúnach, le mionlach mór Caitliceach. Is iad na heaglaisí Protastúnacha chéanna, nach mór, agus a luaitear sa ghiota thuas, atá i dtuaisceart Éireann, le méad mór Preispitéirigh. Labhraítear go minic ar an eachrann idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh ansin, ach ní hamháin cúrsaí creidimh atá i gceist, ach an ceangal atá aige seo le náisiúnachas agus le féin-íomhá na bpobal. Tá mórmhór na gCaitliceach i bhfabhar dlúthcheangail le Poblacht na hÉireann, agus formhór na bProtastúnaigh i bhfabhar fanacht i ndlúthcheangal leis an mBreatain.

Féach freisin cuir in eagar