Crios doimhneachta sa bhfarraige oscailte ag síneadh ó bhun an chreasa eipipeiligigh síos go dtí doimhneacht timpeall 1 km. Sa chrios seo níl dóthain solais ón nGrian le haghaidh na fótaisintéise, ach bíonn dóthain chun rudaí a fheiceáil. Cuimsíonn an crios seo an príomhtheirmeachlaonas aigéanach agus an crios leis an íosthiúchan ocsaigine tuaslagtha sa chuid is mó de na haigéin ar Domhan.[1]

Crios méisipeiligeach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Crios méisipeiligeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.