Osclóidh seo an príomhroghchlár
Pulse sites-en.svg
Cuisle

Brúthonn a ghineann bualadh an chroí, an méadailín clé go háirithe, chun an fhuil a dhíchur isteach i gcóras na bhfuileadán. Is ionann an oiread frithbhuailtí sa nóiméad is ráta an chroí. I ndaoine, is é 70-90 é le linn suaimhnis, ag méadú le linn aclaíochta, feirge is fiabhrais, ag laghdú le linn dúlagair. Is féidir na forbairtí is na crapthaí ailtéarnacha sna hartairí gar do dhromchla na colainne a mhothú (agus a fheiceáil, uaireanta) mar chuisle. Braitear an ráta bíogtha de ghnáth le barra na méar a chur go bog ar thaobh istigh na rí go díreach os cionn an rosta (an bualadh gathach).

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

Seaneagráin chlóite curtha suas ar an Idirlíon. “Iris Don Aois Nua”http://borel.slu.edu/cuisle/