Cyril Ramaphosa

polaiteoir, iarghníomhaí frith-chinedheighilte agus fear gnó as an Afraic Theas

Is polaiteoir, iarghníomhaí frith-chinedheighilte agus fear gnó é Cyril Ramaphosa, a rugadh ar 17 Samhain 1952 in Soweto san Afraic Theas.[1]

Infotaula de personaCyril Ramaphosa

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ve) Matamela Cyril Ramaphosa
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 1952
71 bliana d'aois
Soweto (Aontas na hAfraice Theas)
Cathaoirleach Aontas na hAfraice
10 Feabhra 2020 – 6 Feabhra 2021
← Abdel Fattah el-SisiFélix Tshisekedi (en) Aistrigh →
Ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas
22 Bealtaine 2019 – 22 Bealtaine 2019
Téarma parlaiminte: 27th South African Parliament (en) Aistrigh

5 Uachtarán na hAfraice Theas
15 Feabhra 2018 –
← Jacob Zuma
Leas-Uachtarán na hAfraice Theas
26 Bealtaine 2014 – 15 Feabhra 2018
Ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas
21 Bealtaine 2014 – 15 Feabhra 2018
Téarma parlaiminte: 26th South African Parliament (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard
Ollscoil Yale
Damelin Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Dlíthe
síceolaí cliniciúil
Teanga dhúchaisan Veindis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir, duine den lucht gnó, ceardchumannaí, fiontraí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Chomhdháil Náisiúnta Afracach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Veindis, Béarla, an tSúlúis, an Chóisis agus Sútúis an Tuaiscirt
Buntuarastal273,470 $
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileTshepo Motsepe Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTshivhase Samuel Ramaphosa  agus Nyamuofhe Erdmuth Ramaphosa
Gradam a fuarthas

Twitter: cyrilramaphosa Cuir in eagar ar Wikidata
2018

Saol cuir in eagar

Ba é Cyril Ramaphosa, a bhunaigh an NUM (National Union of Mineworkers) sa bhliain 1982[2], agus a bhí ina Ard-Rúnaí le blianta. Bhí sé ina réabhlóidí Marxach ag an am.

Níos déanaí, d'éirigh sé ina stiúrthóir ar Lonmin, an comhlacht ar leo an mianach ag Marikana.[3]

Bhí Ramaphosa ina rúnaí ginearálta ar an ANC ó 1991 go dtí 1997.

Toghadh Ramaphosa ina uachtarán ar an Afraic Theas i mí Feabhra 2018, i ndiaidh do Jacob Zuma éirí as mar gheall ar chonspóid faoi chaimiléireacht san ANC.[4]

 
2015

Próiseas síochána in Éirinn cuir in eagar

Tá aithne ar Cyril Ramaphosa in Éirinn mar dhuine den bheirt fhear ar leagadh de chúram orthu airm an IRA a scrúdú lena dheimhniú go raibh siad curtha ó mhaith.[5] Le linn tréimhse chinniúnach sa phróiseas síochána in Éirinn rinne Ramaphosa, a bhí ina rúnaí ginearálta ar an ANC ag an am, agus iaruachtatán na Fionlainne, Martti Ahtisaari, iniúchadh ar stórais airm dhíchomisiúnaithe an IRA.

 
14/11/2019, Palácio do Planalto

Sa bhliain 2000, d’fhógair an bheirt imscrúdaitheoirí gur chreid siad go raibh iarracht mhacánta á déanamh ag an IRA ar son phróiseas na síochána.

Bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh dochtúireacht oinigh air sa bhliain 2005.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. europarl.europa.eu/ (2018). "[https://www.europarl.europa.eu/pdfs/news/expert/2018/11/story/20181108STO18507/20181108STO18507_ga.pd Ramaphosa: ‘Gabhaim buíochas leis an Eoraip as a ról agus deireadh á chur leis an gcinedheighilt san Afraic Theas’]". Dáta rochtana: 2021.
  2. "National Union of Mineworkers (South Africa)" (as en) (2021-02-06). Wikipedia. 
  3. Anton Mac Cába (22 Lúnasa, 2012). "An Afraic Theas agus an ANC smálaithe ag Ár Marikana. Gaelscéal". Dáta rochtana: 2021.
  4. Nuacht RTÉ (2018-02-15). "Ramaphosa tofa ina uachtarán nua san Afraic Theas" (as ga). 
  5. "Ramaphosa le toghadh mar Uachtarán ach meath ar thacaíocht an ANC" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-09.
  6. "2005 - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2021-02-15.