Rí seanscéalach na Teamhrach ba ea Dáire Doimthech, leasainm Dáire Sírchréchtach mac Sithbolg. Sinsear eapainmneach na nDáirine próta-stairiúil agus na Corca Laidhe stairiúil ba ea é. Ba é Lugaid Loígde, sinsear Lughaidh Mac Con, a mhac. I Scéla Mosauluim,[1][2] deirtear gurbh é Dáire ar duine desna rí na Teamhrach as Mumhan, nó mar mhalairt ar sin, ar duine de chúigear darbh ainm 'Dáire' a bhí i gceannas ag Teamhraigh.[3]

Infotaula de personaDáire Doimthech
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteEochaid Étgudach Cuir in eagar ar Wikidata

Is beagnach cinnte é gurbh ionann é agus Dáire mac Dedad mhic Shin,[4] athair Chú Raoi, cé gur scar go luath a scéalta óna chéile. Bhí a fhios ag scoláirí na meánaoise gur shinsir na nDáirine an bheirt acu.[5][6] I lámhscríbhinn amháin, go deimhin, faightear é faoin ainm Dairi Sirchrechtaig mar athair Chú Roí,[7] agus dá bharr, sinsear Fiataigh Fhinn mac Fuirme mhic Con Roí, a quo Dál Fiatach na nUlad. Bhí T. F. O'Rahilly den tuairim "ar deireadh, is ionann iad Cú Raoi agus Dáire".[8]

Mac eile Dháire ba eaEochaid Étgudach, Ard-Rí Éireann, de réir dealraimh curtha as áit ó thaobh croineolaíochta de, ag scoláirí na meánaoise.

In Baile Chuinn Chétchathaig,[9] is amhlaidh go dtugtar an t-ainm Dáire Drechlethan dó.

Réim cuir in eagar

In ainneoin a thábhacht mar phearsa shinsearach, is beag eolas atá againn maidir le réim Dáire. Cuimhnítear é mar rí láidir, mar is dúil do seanscéal na nDáirine, agus mar a chur staraithe agus scéalaithe níos deireanaí Uí láthair iad.

Seo a leanas sliocht filíochta as Scéla Mosauluim[10] (aistriúchán Béarla le is Kuno Meyer):[3]

Sean-Ghaeilge Béarla

Dáre Doimthech dális dig
fola for each srith,
co fárgaib a h-urisna
rígi cen chlith.
Dáre Doimthech ba rí for mBruig,
is é emir ar iar ngail,
ó Srub Cermna co Srub Brain,
ónd ocian thíar co muir sair.

Dáire Doimthech dealt a draught of blood
upon every stream,
so that he left his stories of kingship
without concealment.
Dáre Doimthech was king over Brug.
'tis he ...
from Srub Cermna to Srub Brain,
from the western ocean to the sea in the east.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Tidings of Moshaulum ar ancienttexts.org (aisteoir anaithnid)
  2. Scéla Mosauluim ar hastings.edu, via archive.org, 7ú Deireadh Fómhair 2008
  3. 3.0 3.1 Ailill Aulom, Mac Con, agus Find ua Báiscne G302010 ar CELT
  4. féach Mac Néill, ll. 61–2
  5. Cóir Anmann: Fitness of Names ar maryjones.us (aistriúchán Béarla le Stokes)
  6. Genealogies i Rawlinson B 502 (eagrán O'Brien-Ó Corráin)
  7. Dobbs 1921, ll. 330–1
  8. O'Rahilly, lch. 49
  9. Bhreathnach, ll. 89–90, 168
  10. Ailill Aulom, Mac Con, and Find ua Báiscne (eagrán Meyer)