Déan Gaelach i luathstair na hÉireann ba ea Dál Fiachra Shuí (Sean-Ghaeilge Dál Fiachrach SuigheSuidhe), a mhaígh gurbh é a sinsear Fiachra Suí, mac is óige le Feilimí Reachtmhar. Conn Céadchathach, an tArdrí seanscéalach, ba ea a dheartháir is sine. Sinsear Dhéise Mumhan agus Dhéise Tuaiscirt (aitheanta níos deireanaí as a príomhchlann, Dál gCais) is ea an Dál.

Sé ghlúin tar éis Fhiachra, cuireadh an ruaig ar ceathrar mac Airt Choirb as Teamhraigh, scéal atá inste Tairired na nDéssi.[1] Lonnaigh buíon amháin faoi cheannas Eochada Allmhuire in Dyfed c. 270,[2][3] agus buíon eile i ndeireadh na dála sa Mhumhain i measc Dhéise Deiscirt. Moltar go bhfuil naisc idir na heachtraí seo agus ruathair foghlaithe Gaelacha ar chósta thiar na Breataine Rómhánaí sna 4ú agus 5ú haoiseanna, chomh maith le bunú ríochtaí Gaelacha in Dyfed, Brecon agus Corn na Breataine timpeall na bliana 400.

Foinsí cuir in eagar

  • "The Déisi and Dyfed", T. Ó Cathasigh, Éigse, iml.. XX, 1984, lch. 1-33.
  • "Vita tripartita Sancti Patricii", Eoin Mac Néill, Ériu 11, 1932, lch. 1-41.
  • Rance, Philip (2001), "Attacotti, Déisi and Magnus Maximus: the Case for Irish Federates in Late Roman Britain", Britannia, vol. 32, pp. 243–270
  • Miller, Molly, 1977/8 'Date-Guessing and Dyfed', Studia Celtica 12/13, ll. 33–61.
  • Meyer, Kuno (1896), "Early Relations Between Gael and Brython", in Evans, E. Vincent (ed.), Transactions of the Honourable Society of Cymmrodorion, Session 1895–1896, vol. I, Londain: Honourable Society of Cymmrodorion, pp. 55–86
  • Meyer, Kuno, ed. (1901), "The Expulsion of the Dessi", Y Cymmrodor, vol. XIV, Londain: Honourable Society of Cymmrodorion, pp. 101–135
  • "The Dual Nature of Irish Colonization of Dyfed in the Dark Ages", Bruce Coplestone-Crow, Studia Celtica, iml. 16/17, 1981/82, ll. 1–24.
  • "The Irish Settlements in Wales", Myles Dillon, Celtica, Iml.. XII, 1977, ll. 1–11.

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Expulsion of the Dessi, Meyer, 1901, ll. 101 – 135
  2. Early Relations Between Gael and Brython, Meyer, 1896, ll. 55 – 86
  3. Meyer, 1901, 113


Teimpléad:Dalcassians