Comhchumar leathsheoltóra ina mbíonn na leathsheoltóirí dópáilte go tiubh ionas go mbíonn an crios comhchumarach an-tanaí ar fad. Tarlaíonn an cliseadh ag voltas beag cúl-laofachta, agus níl aon raon ina bhfuil an fhriotaíocht cúl-laofachta an-ard. Bíonn friotaíocht dhiúltach aici thar chuid dá raon feidhmithe, agus úsáidtear í in aimplitheoirí is ascaltóirí ardmhinicíochta.

Dé-óid thollánach den chineál 1N3716 ar clé (léimneoir ar dheis, mar chomparáid)

Leo Esaki a cheap an dé-óid thollánach sa bhliain 1957 agus é ag obair le Tokyo Tsushin Kogyo (ar a dtugtar Sony anois).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dé-óid thollánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 207.