Feiniméan síceach is fuaime. Ar leibhéal fisiciúil, má bhíonn dhá ghlanton den mhinicíocht chéanna á bhfuaimniú, ach difríocht bheag pais eatarthu (ceann amháin ag sroichint a bhuaice beagán roimh an gceann eile), cloistear an bunghlanton, ach béim thréimhsiúil chomh maith. Is díshondas an bhéim inaitheanta seo, agus má bhíonn rud éigin cosúil leis i bpíosa ceoil, seans go mbeidh sé míthaitneamhach, gránná, nó fiú pianmhar. Is suibíochtúil an iarmhairt é seo. Suas go dtí an 20ú céad sheachnaigh an chuid is mó ar fad de na cumadóirí díshondas ina gcuid ceoil, ach ó shin bhain cumadóirí suntasacha feidhm fhorleathan as.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Díshondas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.