Mothú dóite a bhraitear ó am go chéile taobh istigh den bhrollach os cionn an steirnim íochtaraigh de ghnáth. Tarlaíonn sé de bharr frithshruthú a bhfuil sa ghoile ar ais isteach i gcuid íochtarach an éasafagais, rud a chuireann tús le ríog. I gcásanna ar leith, tarlaíonn sé seo de bhrí go n-éiríonn cuid den ghoile isteach san oscailt mar a dtéann an t-éasafagas tríd an scairt (heirne hiatais).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dó croí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 218.