Is gníomhaíocht tiomsaithe airgid é an tsiúlóid “Dólás go Sólás”, a bhíonn ar siúl i mí na Bealtaine gach bliain in Éirinn. Téann an t-airgead a bhailítear ón imeacht chuig an gcarthanas Pieta House.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDólás go Sólás
Cineálócáid bhliantúil
fundraising event (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2009 - 

Suíomh gréasáindil.pieta.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Teach Pieta i mBaile Átha Cliath

Tugann Teach Pieta comhairle do dhaoine a deir go bhfuil smaointe féinmharaithe nó féindochair acu. An príomhaidhm atá ag Dólás go Sólás ná aird na ndaoine a tharraingt ar an eagraíocht agus ar a raison d'être.[2] 

Eagraíocht cuir in eagar

Is imeacht siombalach é Dólás go Sólás don eagraíocht. Ag a ceathair a chlog ar maidin, bíonn sé fós dorcha taobh amuigh agus faoin am a mbíonn sé críochnaithe bíonn sé geal.

Tá lucht na heagraíochta agiarraidh a léiriú gurb é an ról atá acu ná cabhrú le daoine atá ag streachailt agus ag smaoineamh faoi fhéindochar, daoine atá sa ‘dorchadas’ Cabhraíonn siad le daoine teacht amach as an dorchadas sin tagann siad amach go dtí an solas.

Is é an t-imeacht Dólás go Sólás an phríomhghníomhaíocht tiomsaithe airgid a bhíonn ag Teach Pieta le linn na bliana.

Stair cuir in eagar

 
Joan Freeman, buanaitheoir

Thosaigh an tsiúlóid sa bhliain 2009 nuair a chas 400 duine le chéile ag 4.15rn agus shiúil nó rith siad cúig chiliméadar.

Sa dara bliain den ócáid, bhí siúlóidí i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach. Sa tríú bliain bhí imeachtaí ar siúl ar fud na tíre; i gCorcaigh, Contae an Chláir, Luimneach, Gaillimh agus Ciarraí.  Sa bhliain 2015, bhí Dólás go Sólás ar siúl in 80 ionad timpeall an domhain, i dTuaisceart Éireann agus imeachtaí ar siúl acu thar lear; sna Stáit Aontaithe, Ceanada, Sasana agus fiú san Astráil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Irish Independent (2015). "DÓLÁS GO SÓLÁS ANOIS AR FUD AN DOMHAIN". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-05-09.
  2. TG4 (2017). "Féindochar | Self-Harm | BLOC, féinmharú" (as ga). Aliceː agallamh. Dáta rochtana: 2020.