Dún an Rí

baile i gContae an Chabháin

Is é Dún an Rí[1] (Béarla: Kingscourt atá air anois cé go mbíodh Dunaree air tráth), an ceathrú baile is mó i gContae an Chabháin in Éirinn. Ciallaíonn Dún an Rí, ‘Fort of the King’[2] as Béarla. Tá an baile seo suite ar an mbothar R164. Tá an baile seo idir Carraig Mhacaire Róis i gContae Mhuineachán, Coill an Choillaigh i gContae an Cabhán agus An Obair i gContae na Mí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún an Rí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°54′17″N 6°48′18″W / 53.9046°N 6.8049°W / 53.9046; -6.8049
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae an Chabháin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1.67 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde100 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie3760

Stair agus Áiteanna stairiúla cuir in eagar

Tá caisleán ann i nDún an Rí darbh ainm ‘Cabra Castle’.[3] Tá caisleán Cabra suite ar bhóthar R179. Bhí an caisleán in úinéireacht ag Mervyn Pratt ó 1927 go dtí 1950, nuair a fuair sé bás. Ansin, bhí an caisleán ag Mervyn Sheppard agus na Brennans tar éis. D’oscail na Brennans an caisleán mar óstán i 1964 agus i 1968, dhíol siad an óstán go Mr. Mansour. Sa bhliain 1991, cheannaigh an chlann ‘Corscadden’ an caisleán. Sa lá atá inniu ann, is óstán céithre réalta é atá an coitianta agus an rathúil.

Tá an caisleán suite in aice le coillte Dún a Rí (Dún a Rí Forest Park)[4] . Is é Coillte Dún an Rí páirt den estáit Cabra a bhí faoi úinéireacht ag an gclann ‘Pratt’ fadó. Tá neart ainmhithe ann cosúil le fia agus éin. Tá na crainn agus na blathanna is áille scaptha ar fud na háite chomh maith. Is áit iontach é an pháirc do thurasóirí mar gheall ar na radharcanna agus an nádúr.

Spórt cuir in eagar

CLG cuir in eagar

Is é ‘Réalta Dún an Rí’ (Kingscourt Stars[5]) an t-ainm atá ar an gclub CLG sa cheantar. Is é ‘Páirc O’Raghailligh’ an t-ainm atá ar an bpáirc pheile atá suite ar imeall an bhaile ar bhóthar R179. Bunaíodh an chlub i 1890. Bhuaigh an chlub 11 craobhchluiche na sinséar, 1921, 1980, 1981, 1986, 1987, 1989, 1990, 1991, 1993, 2010, agus an ceann is déanaí i 2015. Is iad dathanna an fhoireann ná gorm agus bán.

Sacar cuir in eagar

‘Kingscourt Harps’[6] an t-ainm atá ar an gclub sacar. Tá an pháirc sacar suite ag barr an bhaile. Is iad dathanna an fhoireann ná dearg agus dubh. Bunaíodh an chlub i 1998.

Liathróid Laimhe cuir in eagar

Tá club liathróid láimhe i nDún an Rí darbh ainm ‘Kingscourt Handball Club’.[7] Tá an chlub suite sa bhaile agus tá áiseanna den chéad scoth ann. Tá cúirt 60x30, cúirt ‘one wall’ agus trí 40x20 cúirteanna. Bíonn na cluiche ceannais na gcontae agus na hÉireann ann go minic.

Oideachas cuir in eagar

Na Bunscoileanna cuir in eagar

Tá bunscoil amháin i lár an bhaile darbh ainm ‘Bunscoil Naomh Iosaif’. (St. Joesphs N.S). Is scoil meascaithe í le thart ar 450 daltaí ann. Is scoil chaitealach í.

Tá scoil phrotastúnach ann ar imeall an bhaile darbh ainm ‘Cabra Central’ chomh maith.

Ina theannta sin, tá trí scoil eile faoin tuath, ‘Muff N.S’, ‘Corlea N.S’ agus ‘Carrickleck N.S’.

An Mheánscoil cuir in eagar

D’oscail an mheánscoil sa bhaile sa bhliain 2016. Is scoil mheascaithe í. ‘Coláiste Dún an Rí’ [8]an t-ainm atá ar an scoil. Ag an am seo, níl ach 1ú, 2ú agus 3ú bliain sa scoil ach tá beagnach 300 daltaí ann.

Tionscal cuir in eagar

Tá neart tionscail tabhachta agus móra i nDún an Rí, 'Gypsum', 'Kingspan', 'O’Reilly Brothers' agus 'Cabra Castle', ina measc. Is iad na tionscail is mó san áit a soláthraíonn fostaíocht ollmhór.

Gypsum cuir in eagar

Is é Gypsum an tionscal is mó i nDún an Rí. Is páirt den ghrúpa 'Saint-Gobain' é Gypsum. Tá monarcha agus mianach amháin suite ar bhóthar Baile Átha Cliath agus ceann eile suite ar bhóthar Carraig Mhacaire Rois. Cuireann Gypsum thart ar 500 poist do leictreoir, do mhianadóir, d’oibrithe oifige agus neart daoine eile.

Kingspan cuir in eagar

Bhunaigh Eugene Murtagh Kingspan[9] sa bhliain 1965 sa Dún an Rí. Sa lá atá inniu ann, cuireann Kingspan ‘Kooltherm’ ar fáil do dhaoine agus do thionscail eile ar fud an domhain.

Na tionscail eile atá an-tabhachtach sa bhaile ná, 'Cabra Castle', 'Gilmores Garage', 'Kingsourt Brick', 'Super Valu', 'O'Reilly Brothers' agus 'Paramount Doors'. I rith an Tíogair Cheilteach, tháinig an-forbairt ar an mbaile beag seo.

Áiseanna cuir in eagar

Tá thart ar deich tithe tábhairne sa bhaile. ‘Gartlans’, ‘The Wishing Well’, ‘Willows’, ‘The Court Inn’, ‘Dún a Rí’, ‘Paddy’s Bar’, ‘Malone’s’, ‘Clarkes Corner Bar’,‘M&F’s’ agus ‘Murtagh’s’ san áireamh. Is baile an-sóisialta é Dún an Rí agus bíonn ceol i ngach teach tábhairne gach Aoine agus gach Sathairn. Bíonn lotto ag an gclub CLG, an chlub sacar agus an chlub liathróid láimhe ar siúl cúpla oíche i rith na seachtaine chomh maith.

Tá cúpla bialann deasa ann sa bhaile chomh maith, ‘The Wishing Well’, ‘Dún a Rí House Hotel’ agus ‘Cabra Castle’ san áireamh. Tá dhá bialann Sínis ann freisin.

Tá neart siopa ann chomh maith. Tá siopaí nuachtáin, stáisiún petrol, siopa bláthanna, siopa torthaí agus glasraí ina measc.

Cultúr cuir in eagar

Ceol cuir in eagar

Bíonn seisiún ceoil ar siúl gach tráthnóna De Domhnaigh i nGartlans. Tagann daoine ó gach cearn den gcontae don seisiún. Bíonn rannta agus scéalta ann chomh maith. Tá banna ceoil ann darbh ainm ‘St. Mary’s Brass and Reed Band sa bhaile freisin.

Damhsa cuir in eagar

Tá scoil rince ann darbh ainm ‘Kieran Brady School of Irish Dancing’. Is scoil damhsa gaelach é. Bíonn dhá ranganna ar siúl gach seachtain agus bíonn na daltaí ag damhsa i gcaisleán Cabra do thurasóirí.

Taisteal cuir in eagar

Tá bus ann a dtéann go mBaile Átha Cliath and An Uaimh. Téann an ‘107’ ó Bus Éireann[10] go dtí An Uaimh agus téann ‘Sillan Tours[11]’ go mBaile Átha Cliath. Tá bus ann a téann go Dún Dealgan freisin ag ‘Royal Breffini Tours’. Bhí traein ann ach stop sé i 1947. Bhí sé mar seirbhís lasta a ndeachaigh ó Dún an Rí go dtí an Uaimh agus ansin go Droichead Átha.

Tá an baile an-lárnach. Níl sé ach 30 nóiméad ó mhótarbhéalach M1 (Poblacht na hÉireann), 95km ó Bhaile Átha Cliath agus 130km ó Bhéal Feirste. Tá cúpla bailte móra níl ach 35 nóiméad as an baile; An Uaimh, Dún Dealgan, Droichead Átha agus An Ceanannas Mór.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dún an Rí/Kingscourt | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Bunachar Logainmneacha na hÉireann" (ga-IE). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  3. "Cabra Castle Hotel Cavan | Castle Wedding & Conference Venue | Cabra Castle | Castle Wedding Venue Ireland" (en). www.cabracastle.com. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  4. "Home - Coillte" (en-US). www.coillte.ie. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  5. "Kingscourt Stars GAA | CLG Réaltaí Dún a Rí" (en-US). www.kingscourtstars.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-07. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  6. "[http://www.soccer-ireland.com/cavan-football-clubs/kingscourt-harps.htm Kingscourt Harps Football Club : Mount St. Joseph, Nobber Road, Kingscourt, County Cavan - Soccer Pitch Directions : Fixtures Secretary, Contact Details]". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  7. "Kingscourt | GAA Handball" (en). www.gaahandball.ie. Dáta rochtana: 2018-12-03.
  8. "Colaiste Dun An Ri" (en-gb). www.dunanricollege.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-21. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  9. "About Us" (en-IE). Kingspan | Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-20. Dáta rochtana: 2018-12-01.
  10. "Bus Éireann - View Ireland Bus and Coach Timetables & Buy Tickets" (en). www.buseireann.ie. Dáta rochtana: 2018-12-03.
  11. Super User. "Home - Sillan Coach Hire" (en-gb). sillan.ie. Dáta rochtana: 2018-12-03.