Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc

Is teach tábhairne i mBaile Átha Cliath é Darkey Kelly’s atá suite ar Shráid Sheamlas an Éisc. Deirtear go mbíonn seisiún maith ceoil ar siúl tigh Darkey Kelly’s. Deirtear gur tharla drochghníomhartha olca ann chomh maith. Ainmníodh an teach óil seo as Dorcas Ní Cheallaigh, bean a stiúraigh drúthlann nó teach striapachais san áit. Sa bhliain 1761 aimsíodh corpáin faoin urlár ann – dúradh gur fir a bhí iontu ar mharaigh Dorcas iad. Dar le roinnt ba í an chéad sraithdhúnmharfóir as Éirinn í.

Bosca Sonraí EagraíochtaDarkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc
Sonraí
Cineálteach tábhairne Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar