Patrún dathanna ar ainmhí a chabhraíonn len é a chosaint. I ndathú duaithne (nó duaithníocht), meascann an patrún leis an timpeallacht. I ndathú suaiteach, moillítear aithint ainmhí mar tarraingítear aird an fhoghlaí ar airí nó dhó den phatrún.

Giorria an Artaigh

Bíonn dathú rabhaidh feiceálach, agus léiríonn airíonna do-ite nimhiúla nó díobhálacha an ainmhí don fhoghlaí len é a éaradh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dathú cosanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.