Ceapadóirí agus ceannródaithe eitlíochta ab ea na Deartháireacha Wright (Orville Wright agus Wilbur Wright). Cheap siad an t-eitleán.

Infotaula de personaDeartháireacha Wright

(1905) Cuir in eagar ar Wikidata
Components
Grúpadísreach siblíní
foireann Cuir in eagar ar Wikidata
Wilbur Wright (Millville (en) Aistrigh, 16 Aibreán 1867 - Dayton, 30 Bealtaine 1912). Eitleoir
Orville Wright (Dayton, 19 Lúnasa 1871 - Dayton, 30 Eanáir 1948). Cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir aeraspáis, innealtóir dearaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Luathshaol cuir in eagar

Deartháireacha Meiriceánacha a saolaíodh i nDayton, Ohio is Millville, Indiana faoi seach. Mhúscail léirithe d'fhaoileoirí a suim san eitilt sna 1890idí.

Gnó cuir in eagar

Thógadar aerárthaigh ina siopa deisiúcháin rothar i nDayton ar dtús. Chuireadar feabhas ar fhaoileoirí, agus faoi dheireadh chuir Orville inneall i gceann díobh.

 
Chuir na Wright paitinn air

Tar éis an chéad fhaoileora, a chruthaigh George Cayley i 1853 agus a thaispeáin gur féidir árthach nearnhfhuinnmhithe is troime ná an t-aer a eitilt[1], chláraigh na Wright a n-inneall eitilte agus chuir siad paitinn air ar an 23 Márta 1903.

 

Dúirt Orville Wright gur rinne sé an chéad eitilt in eitleán fuinnmhithe i 1903.[2] Creidtear go minic gurb iad na daoine a rinne an chéad eitilt faoi chumhacht innill riamh in Kitty Hawk, Carolina Thuaidh ar an 17 Nollaig, 1903. Ach ní raibh daoine ann chun é a chruthú.[3]

Tar éis an éacht seo, dhear na deartháireacha eitleáin fuinnmhithe eile sna blianta ina ndiaidh. Deimhníodh na heitiltí sa bhliain 1908 don chéad uair[4] Ach fíordheimhníodh na heitiltí a rinne Alberto Santos-Dumont i 1906 i bPáras[5]. Níor bhunaigh na deartháireacha Wright comhlacht déantúsaíochta aerárthach ach sa bhliain 1909.

Oidhreacht cuir in eagar

Mhúin na deartháireacha Wright an eitleoireacht do Chance Milton Vought, agus bhí sé mar phríomhinnealtóir i gcomhlacht Wright gur bhunaigh a chomhlacht féin, in éineacht le Birdseye Lewis, i 1917, mar atá Lewis & Vought Corp.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. de réir Matt Hussey, is iad seo príomhchodanna an eitleáin: an chabhail, na sciatháin, an feisteas tuirlingthe, na hailearáin ar dromchlaí rialú airde iad, an stiúir treo ar dromchla rialú treo é, na hardaitheoirí ar dromchlaí ardaithe iad, agus na hinnill dócháin inmheánaigh nó scairdinnill chun an t-eitleán a fhuinnmhiú ina iotnláine.
  3. "Telegram from Orville Wright in Kitty Hawk, North Carolina, to His Father Announcing Four Successful Flights, 1903 December 17". www.wdl.org (1903-12-17). Dáta rochtana: 2020-10-23.
  4. "Wright brothers" (as en) (2020-10-20). Wikipedia. 
  5. Gibbs-Smith, Charles H. "Hops and Flights: A roll call of early powered take-offs." Flight, Volume 75, Issue 2619, 3 April 1959, p. 469 https://www.flightglobal.com/pdfarchive/view/1959/1959%20-%200938.html