Airgeadra sa Ghearmáin ba ea an Deutsche Mark (Deutschmark ,D-Mark agus DM i nGearmáinis), i gcúrsaíocht ó 1948 go dtí 1999/2002, nuair a seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa.[1]

Bosca Sonraí AirgeadDeutsche Mark

Cuir in eagar ar Wikidata
Críocha infheidhme
An Ghearmáin Thiar (23 Bealtaine 1949 - 1990)
an Ghearmáin (1990 - 2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Cód ISO 4217DEM
Giorrúchán nó siombailDM
Banc ceannaisBundesbank agus Bank deutscher Länder (en) Aistrigh
Ráta malairte
0.51129 euro (2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht

1948- 2002

Euro

Stair cuir in eagar

I Meitheamh 1948, bhunaigh na comhghuaillithe airgeadra nua in Iarthar na Gearmáine darbh ainm an Deutschmark.[2] Bhí sé seo riachtanach le borradh eacnamaíochta a spreagadh.

Níor iarradh tuairim Stailín faoi seo. Chonaic seisean seo mar an chéad chéim in athstruchtúrú na Gearmáine agus mar bhagairt arís ar an Rúis.

 
 

Malairt cuir in eagar

Bhí an Reichsmark agus Rentenmark ann roimhe sin, agus bhí na rátaí malairte i 1948 casta go leor (bhí na coigilteoirí míshásta). Bhí Ludwig Erhard i mbun cúrsaí airgeadais ag an am (Seansailéir ar an nGearmáin níos déanaí) agus tugadh isteach an DM ar an 20 Meitheamh 1948.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ar 1 Eanáir 1999, seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa, in úsáid ar pháipéar in go leor oibríochtaí airgeadais. Ach nach raibh sé fós ar fáil in airgead tirim (nótaí bainc). Ar 4 Eanáir 1999, tháinig an euro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil. Tharla sé sin in Eanáir 2002.
  2. stmarys-belfast.ac.uk. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.