Diarmaid mac Conaing

Rí Bhreá
(Athsheolta ó Diarmait mac Conaing)

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Diarmaid mac Conaing (Sean-Ghaeilge Diarmait mac Conaing) (bás 786). Conaing mac Amhalaí (bás 742) ba ea a athair agus brother of Congalach mac Conaing (bás 778) a dheartháir, iar-ríthe beirt. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 778 go dtí 786.

Infotaula de personaDiarmaid mac Conaing
Beathaisnéis
Bás786
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairConaing mac Amhalaí
SiblínConghalach mac Conaing

Bhí feachtas déanta ag an Ardrí, Donnchadh na Mí (bás 797), éadan na Laigean sa bhliain 780, agus ansin rinne sé síocháin. An bhliain dár gcionn, tharla Cath Rig idir Síol Aodha Sláine agus the Uí Garrchon na Laigean agus maraíodh a rí, Cú Chongelt mac Con Mella.[1] Bhí Breá curtha faoina smacht ag Donnchadh sa bhliain 778, ach ní insítear sna annála Éireann an é go raibh chuid de fheachtas Donnchadha a bhí i gceist, nó dúshlán ar thaobh fhir Bhreá, iad sin nó aighneas teorann ach amháin. Tá sé suntasach go raibh an dá chlann Shíol Aodha Sláine, Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing, ag troid le chéile. Bhí Diarmaid agus a chol ceathrar Conaing mac Dúnghaile i gceannas Uí Chonaing.

Sa bhliain 786, maraíodh Febordaith, abb Tuiléin, is amhlaidh ag Síol Aodha Sláine.[2] Bhain Donnchadh díoltas as an eachtra seo nuair a chloígh sé arm Shíol Aodha Sláine i gCath Lia Finn. Maraíodh Diarmaid, i dteannta lena ghaol, Conaing mac Dúngaile[3] Bhí an dá chlann, Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing, arís ar an bhfód.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 781.4
  2. AU 786.5
  3. AU 786.6