Dlí na gComhréir Iolrach

Sa cheimic, deir Dlí na gComhréir Iolrach;[1] nuair a imoibríonn an dá dhúil chéanna chun níos mó ná comhdhúil amháin a dhéanamh, tá na maiseanna difriúla de dhúil amháin a chomhcheanglaíonn leis an mhais chéanna den dúil eile i gcoibhneas na slánuimhreacha beaga i gcónaí.

Mar shampla, faightear uisce i gcónaí nuair a dhóitear hidrigin le hocsaigin agus faightear clóiríd sóidiam i gcónaí nuair a theagmhaíonn sóidiam le clóirín. Ach ní dlí uilíoch é go bhfaightear an chomhdhúil chéanna i gcónaí ó na dúile céanna, mar tá dúile áirithe ann ar féidir leo imoibrú le dúile eile i níos mó ná aon choibhneas amháin. Sa chás sin, gintear comhdhúil ar leith go gach coibhneas ar leith.

Cur i gcás, gintear dé-ocsaíd charbóin i gcónaí nuair a dhóitear carbón in áit a mbíonn go leor nó barraíocht ocsaigine i láthair chun an dé-ocsaíd charbóin (22.27% carbón; 77.73% ocsaigine) a tghabhair. Ach dá ndófaí carbón agus ocsaigín le chéile i gcoibhneas éigin ina raibh níos lú ocsaigine ná ba ghá chun dé-ocsaíd charbóin a thabhairt, ghinfí a bheag nó a mhór de ghás eile freisin .i. aonocsaíd charbóin. Is e 42.86% carbóin agus 57.14% ocsaigine is comhshuíomh don ghás sin.

Bíodh gurb iad na dúile céanna .i. carbón agus ocsaigin atá in aonocsaíd charbóin agus i ndé-ocsaíd charbóin araon, is conhdhúile éagsúla iad de bharr nach ionann coibhneasa na ndúl iontu.

Uaireanta tugtar Dlí Dalton ar an dlí seo, a ainmníodh i ndiaidh John Dalton, an poitigéir a mhol é ar dtús. Bhí a fhios ag Dalton go gcruthaíonn an dúil carbóin dhá ocsaíd trí chomhcheangal le hocsaigin i gcomhréireanna éagsúla. Féadfaidh mais sheasta charbóin, abair 100 gram, imoibriú le 133 gram ocsaigine chun ocsaíd amháin a tháirgeadh, nó le 266 gram ocsaigine chun ceann eile a tháirgeadh. An cóimheas idir na maiseanna ocsaigine atá in ann imoibriú le 100  gram de charbón is ea 266: 133 = 2: 1, cóimheas de shlánuimhreacha beaga.[2] Léirigh Dalton an toradh seo ina theoiric adamhach trí mholadh (i gceart sa chás seo) go bhfuil adamh ocsaigine amháin agus dhá adamh ocsaigine ag an dá ocsaíd faoi seach do gach adamh carbóin. Sa nodaireacht nua-aimseartha is é an chéad cheann CO (aonocsaíde carbóin) agus an dara ceann ná CO 2 (dé-ocsaíd charbóin).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “law of multiple proportions” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  2. "General chemistry: principles and modern applications" (2002). Upper Saddle River, N.J: Prentice Hall. OCLC 46872308.