Is é Doinsiúin agus Dragain (nó DsD/D&D de ghnáth) ná cluiche barr boird rólimirte cruthaithe ag Gary Gygax agus Dave Arneson. Bhí sé foilsithe ag Tactical Studies Rules, Inc i 1974 den chéad uair. Tá sé foilsithe anois ag Wizards of the Coast ó 1997. Tháinig an bun-smaoineamh ó cluichí cogaidh boird le mionsamhailte, agus tháinig na rialacha ar dtús ón gcluiche Chainmail (1971). Aithnítear foilsiú de chuid D&D mar thús na gcluichí rólimirte comhaimseartha agus tús an tionscal cluichí rólimirte.

I nDoinsiúin agus Dragain, tá máistir doinsiún agus ar a laghad imreoir amháin eile ann. Go minic tá buíon imreoirí ann. Is é máistir na ndoinsiún an scéalaí, an duine a chruthaíonn an domhain go léir in a n-imríonn na himreoirí. Is féidir le máistir na ndoinsiún féin feachtas a chruthú dóibh, nó ceann réamhdhéanta a cheannach. Cosúil le cluichí cogaidh boird, tá mapaí ag máistir na ndoinsiún le cur síos ar an mbórd chun pictiúir den domhain a thaispeaint do na himreorí. Is ar na mapaí seo a chuireann na himreoirí na mionsamhailte de na carachtair atá acu. Cruthaíonn gach imreoir carachtar éagsúil le scileanna, cumhachtaí, comhghuaillíocht, agus pearsantacht.

Nuair a chruthaíonn imreoir carachtar nua, caithfidh siad an cine agus an rang oibre ba mhaith leo a imirt a roghnú. Sa cuigiú leagan de DsD, tá naoi bun-cine i lámhleabhar na n-imreoirí. Tá daoine daonna a bhfuil in ann aon scil ba mhaith leo a fhoghlaim, ach níl mórán cumhachtaí speisialta acu. Bíonn na heilbh cliste nó críonna agus níos tapúla ná na ciní eile. Bíonn na habhaic láidir agus crua ach ní thugann a gcosa gearra mórán gluaiseachta dóibh. Tá na leath-neacha (cosúil le hobaid ó scéalta Tolkien) iontach maith ag dul i bfholach agus ag tealtú thart agus tá siad an-sóisialta. Tá ciní eile i go leor domhain DsD cosúil leis na leath-orc a bhíonn feirgeac, agus na dragan-rugadh atá ina dtrodaí iontacha le anáil draíochtúil na ndragan, na leapreacháin bheaga glice a chruthaíonn gléasanna draíochta, na leath-eilbh atá idir domhain na daoine daonna agus domhain na n-ealbh, agus na neacha "Tief" (leath-dhiabhal).

Tá aon rang oibre dhéag sa cuigiú leagan de DsD agus tá ról difriúil ag gach ceann acu i ngach cóisir. Ar dtús, tá na bithiúnaigh ann a úsáideann a bhfearg chun a gcuid nirt a mhéadú agus a chuid naimhde a chlaoí. Ansin tá na baird a chasann a gcuid ceoil speisialta chun briocht draíochta a úsáid chun cuide lena gcuid cairde. Tá bealach neamhgnach ag na baird lena gcuid focal agus is féidir leo spochadh as daoine chun iad a ghortú. Úsáideann na cléirigh draíocht na ndéithe féin chun a namhaid a chlaoí agus neamh-mharbh a scrios. Braitheann a gcuid cumhachtaí éagsúla ar an dia a adhraíonn siad. Ar an lámh eile, bíonn draíocht an nádúr féin i bhfuil na ndraoithe, más ag claochlú ina n-ainmhithe, nó ag gair ar fhorsaí an nadúir atá siad. Ar línte tosaigh an chatha a mhaireann na trodaithe, máistéir uirlisí cogaí de gach sort agus nós tróda éagsúil ag gach ceann acu. De ghnáth, láimhsíonn taiscéalaí DsD claíomh nó bogha agus saighead nuair atá siad ag troid, ach do na manaigh níl uathu ach a gcuid lámh. Tá traenáil ar leith ag na manaigh chun a gcuid "ki" nó an draíocht atá i ngach corp daonna a úsáid chun soncanna cumhachtacha a thabhairt ar an namhaid. Má tá na cléirigh cosúil le sagairt, tá na palaidíní cosúil le ridirí naofa na ndéithe. Déanann gach palaidín mionn chun an domhain a chosaint ó olc agus rudaí mínaofa agus an dlí a chumhdach. Cosúil leis an ceangail idir na cléirigh agus palaidíní agus na déithe, tá nasc an-láidir leis an nádúr ag na rainséirí agus draoithe. Ach, tá na rainséirí níos mó cosúil le gardaí an fhiantais, ag seilg a naimhde le draíocht agus eolas faoin nádúr. Sna scáil a oibríonn na rogairí, ag piocadh glásanna, ag goid rudaí as pocaí daoine sa sraid, nó ag úsáid a chuid a chuid gliocais chun éalang an naimhid a aimsiú. Braitheann siad níos mó ar na scileanna gleacaíochta atá acu, ná ar laidreacht agus fórsa chun an ceann is fearr a fháil ar an eascara. Tágann cumhachtaí draíochta na ndraíodóirí ó fhoinse lasmuigh den eolas atá acu faoin ndraíocht. B'fhéidir go bhfuil fuil draíochtúil na síog iontu, ar ionsúigh siad draíocht ó domhain eile nuair a bhí siad óg, nó fuair siad beannacht ó spiorad éigin nuair a rugadh iad. Pé scéal é, tá smácht speisiúlta ag na draíodóirí ar a gcuid draíocht nach bhfuil ag an gnáth asarlaí agus tá siad in ann cumhachtaí breise a thabhairt chuig a gcuid draíocht. Uaireanta, tagann fonn ar dhaoine níos mó eolais nó cumhachta a fháil agus déannan siad iarracht conradh a dhéanamh le neach neamhshaolta chun píosa beag cumhachta a fháil. Is iad na daoine seo, na fiaghruagaigh, séirbhísigh na ndeabhal, na n-árdsíog, agus seancreatúr ó domhain eile nach féidir linn a shamhail. Faoi dheireadh tá na hasarlaithe ann: scoláirí na ndraíochta difriúil i ndomhain DsD. Tá níos mó briochtaí agus orthaí acu ná aon rang eile. Tagann a gcuid draíochta ó a bheith ag staidéar as seanleabhair agus scrollaí agus iad a chuir i gcuimhne. De ghnáth, bíonn na hasarlaithe níos cliste agus críonna ná aon rang eile ach níl mórán nirt ná laidreachta acu.

Má tá carachtair cruthaithe ag na himreoirí, tá ar an máistir doinsiun an domhain agus tús an scéil a chruthú. Is féidir leo domhain réamh-chruthaithe a úsáid cosúil le "The Forgotten Realms" nó "Eberron", nó is féidir leo a ndomhain féin a chruthú. Nuair a chruthaíonn maistir doinsiun domhain nua, de ghnáth bíonn siad ag smaoineamh faoi an cineál scéil ba mhaith leo a insint, cén sort domhain in a bhfuil na carachtair, cad é an coimhlint a gcaithfidh na himreoirí a réiteach, agus go leor eile cosúil leis sin.


I DsD, nuair a dhéanann carachtair gníomh éigin cosúil le hionsaí a dhéanamh nó léargas a fháil amach faoi mheabhar an rí atá siad ag caint leis, uaireanta deireann an MD dísle a rolladh chun a fháil amach an éiríonn leis. Tá cúpla dísle difriúil sa gcluiche a bhíonn jab éagsuil acu agus tá méid difriúil taobhanna ag gach ceann. Tá an D4 (tetrahedron, 4 thaobh), D6 (cube), D8 (octohedron), D10 (decahedron), D12 (dodecahedron), agus an D20 (icosahedron).